|
+IARSCRÍBHINN XII |
IARSCRÍBHINN XII
IARSCRÍBHINN XII CEANGLAIS MAIDIR LE STÓRÁIL AGUS CÓIREÁIL, LENA N-ÁIRÍTEAR ATHCHÚRSÁIL Cuid A: Stóráil, ceanglais chóireála 1. Áireofar le cóireáil, ar a laghad, gach sreabhán agus aigéad a bhaint. 2. Déanfar an chóireáil agus aon stóráil, lena n-áirítear stóráil shealadach, ag saoráidí cóireála, lena n-áirítear saoráidí athchúrsála, i láithreáin a bhfuil dromchlaí neamhscagacha acu agus cumhdaigh shíondíonacha oiriúnacha nó i gcoimeádáin oiriúnacha. 3. Déanfar ceallraí dramhaíola i saoráidí cóireála, lena n-áirítear saoráidí athchúrsála, a stóráil ar bhealach a fhágann nach ndéantar iad a mheascadh le dramhaíl as ábhair sheoltacha nó indóite. 4. Beidh réamhchúraimí agus bearta sábháilteachta speisialta i bhfeidhm chun ceallraí de chineál dramhaíola litiambhunaithe a chóireáil agus iad á láimhseáil, á sórtáil agus á stóráil. Áireofar ar bhearta den sórt sin cosaint ó neamhchosaint ar na nithe seo a leanas:
(a)
teas iomarcach, amhail teocht ard, tine nó solas díreach na gréine;
(b)
uisce, amhail deascadh agus tuile;
(c)
aon bhrú nó damáiste fisiciúil. Stórálfar ceallraí litiam-bhunaithe dramhaíola ina ngnáthchlaonadh suiteáilte, is é sin, ní dhéanfar iad a inbhéartú riamh, agus i limistéir dhea-aeráilte agus clúdófar iad le leithlisiú rubair ardvoltais. Beidh comhartha rabhaidh ar shaoráidí stórála le haghaidh ceallraí litiam-bhunaithe dramhaíola. 5. Déanfar mearcair a dheighilt, le linn na cóireála, i sruth inaitheanta, a dhíluailítear agus a dhiúscraítear go sábháilte agus nach féidir a bheith ina chúis le héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol. 6. Déanfar caidmiam a dheighilt, le linn na cóireála, i sruth inaitheanta, a dtugtar ceann scríbe sábháilte dó agus nach féidir a bheith ina chúis le héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol. Cuid B: Spriocanna maidir le héifeachtúlacht athchúrsála 1. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025, bainfear amach, leis an athchúrsáil, ar a laghad, na spriocanna seo a leanas maidir le héifeachtúlacht athchúrsála:
(a)
athchúrsáil 75 % de réir meánmheáchan ceallraí luaidhe-aigéadacha;
(b)
athchúrsáil 65 % de réir meánmheáchan ceallraí litiam-bhunaithe;
(c)
athchúrsáil 80 % de réir meánmheáchan ceallraí nicile-caidmiam;
(d)
athchúrsáil 50 % de réir meánmheáchan ceallraí dramhaíola eile. 2. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030, bainfear amach, leis an athchúrsáil, ar a laghad, na spriocanna seo a leanas maidir le héifeachtúlacht athchúrsála:
(a)
athchúrsáil 80 % de réir meánmheáchan ceallraí luaidhe-aigéadacha;
(b)
athchúrsáil 70 % de réir meánmheáchan ceallraí litiam-bhunaithe. Cuid C: Spriocanna maidir le haisghabháil ábhar 1. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027, bainfear amach, leis an athchúrsáil uile, ar a laghad, na spriocanna seo a leanas maidir le haisghabháil ábhar:
(a)
90 % le haghaidh cóbailt;
(b)
90 % le haghaidh copair;
(c)
90 % le haghaidh luaidhe;
(d)
50 % le haghaidh litiam;
(e)
90 % le haghaidh nicile. 2. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2031, bainfear amach, leis an athchúrsáil uile, ar a laghad, na spriocanna seo a leanas maidir le haisghabháil ábhar:
(a)
95 % le haghaidh cóbailt;
(b)
95 % le haghaidh copair;
(c)
95 % le haghaidh luaidhe;
(d)
80 % le haghaidh litiam;
(e)
95 % le haghaidh nicile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|