|
+IARSCRÍBHINN XIII |
IARSCRÍBHINN XIII
IARSCRÍBHINN XIII FAISNÉIS ATÁ LE CUR SA PHAS CEALLRA 1. FAISNÉIS A BHFUIL ROCHTAIN AG AN bPOBAL UIRTHI AGUS A BHAINEANN LEIS AN tSAMHAIL CHEALLRA Áireofar i bpas ceallra an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tsamhail cheallra, faisnéis a mbeidh rochtain ag an bpobal uirthi:
(a)
an fhaisnéis a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn VI;
(b)
comhdhéanamh ábhair an cheallra, lena n-áirítear a cheimic, substaintí guaiseacha atá sa cheallra, seachas mearcair, caidmiam nó luaidhe, agus amhábhair chriticiúla atá sa cheallra;
(c)
an fhaisnéis maidir leis an lorg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (2);
(d)
faisnéis maidir le foinsiú freagrach mar a léirítear sa tuarascáil maidir le beartais díchill chuí maidir le ceallraí dá dtagraítear in Airteagal 52(3);
(e)
faisnéis maidir le hábhar athchúrsáilte mar atá sa doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 8(1);
(f)
sciar an ábhair in-athnuaite;
(g)
toilleadh rátaithe (in Ah);
(h)
voltas íosta, ainmniúil agus uasta, leis na raoin teochta nuair is ábhartha;
(i)
toilleadh cumhachta bunaidh (i Vatanna) agus teorainneacha, leis an raon teochta nuair is ábhartha;
(j)
saolré ionchasach an cheallra arna sloinneadh de réir timthriallta, agus an tástáil tagartha a úsáideadh;
(k)
an tairseach toillte i gcomhair tnáitheadh (i gcás ceallraí feithiclí leictreacha amháin);
(l)
an raon teochta is féidir leis an gceallra a sheasamh nuair nach mbíonn sé in úsáid (tástáil tagartha);
(m)
an tréimhse lena mbaineann an baránta tráchtála saoil féilire;
(n)
éifeachtúlacht fuinnimh dé-aistir tosaigh agus ag 50 % den tsaolré;
(o)
friotaíocht inmheánach na cille ceallra agus na phacáiste ceallraí;
(p)
c-ráta na tástála saolré ábhartha;
(q)
na ceanglais mharcála a leagtar síos in Airteagal 13(4) agus (5);
(r)
an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 18;
(s)
an fhaisnéis maidir le cosc agus bainistiú ceallraí dramhaíola a leagtar síos in Airteagal 74(1), pointí (a) go (f). 2. FAISNÉIS A BHAINEANN LEIS AN tSAMHAIL CHEALLRA, FAISNÉIS NACH mBEIDH ROCHTAIN AG DAOINE UIRTHI ACH AMHÁIN IAD SIÚD A bhFUIL LEAS DLISTEANACH ACU AGUS AN COIMISIÚN Áireofar i bpas ceallra an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tsamhail cheallra, faisnéis nach mbeidh rochtain ag daoine uirthi ach amháin iad siúd a bhfuil leas dlisteanach acu agus an Coimisiún:
(a)
comhdhéanamh mionsonraithe, lena n-áirítear na hábhair a úsáidtear sa chatóid, san anóid agus sa leictrilít;
(b)
uimhreacha páirte comhpháirteanna agus sonraí teagmhála na bhfoinsí le haghaidh páirteanna spártha athsholáthair;
(c)
faisnéis díchóimeála, lena n-áirítear iad seo a leanas ar a laghad:
—
scar-léaráidí den chóras/phacáiste ceallra lena dtaispeántar suíomh na gceall ceallraí,
—
seichimh dhíchóimeála,
—
cineál agus líon na dteicnící ceangail a bheidh le díghlasáil,
—
na huirlisí a theastóidh i gcomhair díchóimeála,
—
rabhaidh má tá baol go ndéanfar damáiste do pháirteanna,
—
méid na gceall a úsáideadh agus leagan amach;
(d)
bearta sábháilteachta. 3. FAISNÉIS A mBEIDH ROCHTAIN AG COMHLACHTAÍ FAOINA dTUGTAR FÓGRA, AG ÚDARÁIS FAIREACHAIS MARGAIDH AGUS AG AN gCOIMISIÚN UIRTHI, AGUS ACU SIÚD AMHÁIN Áireofar i bpas ceallra an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tsamhail cheallra, faisnéis a mbeidh rochtain ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra, ag údaráis faireachais margaidh agus ag an gCoimisiún uirthi, agus acu siúd amháin:
—
torthaí na dtuarascálacha tástála ina gcruthaítear go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó in aon ghníomh tarmligthe nó cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo.
4. FAISNÉIS AGUS SONRAÍ A BHAINEANN LE CEALLRA AONAIR, NACH mBEIDH ROCHTAIN AG DAOINE ORTHU ACH AMHÁIN IAD SIÚD A bhFUIL LEAS DLISTEANACH ACU Áireofar i bpas ceallra an fhaisnéis shonrach agus na sonraí seo a leanas a bhaineann le ceallra aonair, nach mbeidh rochtain ag daoine orthu ach amháin iad siúd a bhfuil leas dlisteanach acu:
(a)
na luachanna le haghaidh paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1), nuair a chuirfear an ceallra ar an margadh agus nuair a bheidh sé faoi réir athrú ar a stádas;
(b)
faisnéis maidir le staid sláinte an cheallra de bhun Airteagal 14;
(c)
faisnéis maidir le stádas an cheallra, arna shainmhíniú mar “bunaidh”, “a chuspóir athraithe”, “athúsáidte”, “athmhonaraithe” nó “dramhaíl”;
(d)
faisnéis agus sonraí mar thoradh ar a húsáid, lena n-áirítear líon na dtimthriallta luchtaithe agus scaoilte agus na dteagmhas diúltach, amhail tionóiscí, chomh maith le faisnéis a taifeadadh ar bhonn tréimhsiúil maidir leis na dálaí comhshaoil oibriúcháin, lena n-áirítear an teocht, agus faoin staid muirir. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|