+Airteagal 4 Údarás eisiúna
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.

Airteagal 4 Údarás eisiúna

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.

Féadfaidh na dreamanna seo a leanas Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint chun sonraí suibscríobhaí a fháil nó chun sonraí a fháil a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10):

(a) 

breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí atá inniúil sa chás lena mbaineann; nó

(b) 

aon údarás inniúil eile arna shainiú ag an Stát eisiúna atá, sa chás lena mbaineann, ag gníomhú ina cháil mar údarás imscrúdúcháin in imeachtaí coiriúla a bhfuil inniúlacht aige chun fianaise a bhailiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; i gcás mar sin, déanfaidh breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí sa Stát eisiúna an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a bhailíochtú, tar éis scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann sé na coinníollacha a bhaineann le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint faoin Rialachán seo.

Airteagal 4 2.

Féadfaidh na daoine seo a leanas Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí tráchta a fháil, seachas sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), nó chun sonraí inneachair a fháil, a eisiúint

(a) 

breitheamh, cúirt nó breitheamh imscrúdaithe atá inniúil sa chás lena mbaineann; nó

(b) 

aon údarás inniúil eile arna shainiú ag an Stát eisiúna atá, sa chás lena mbaineann, ag gníomhú ina cháil mar údarás imscrúdúcháin in imeachtaí coiriúla a bhfuil inniúlacht aige chun fianaise a bhailiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; i gcás mar sin, déanfaidh breitheamh, cúirt nó breitheamh imscrúdaithe sa Stát eisiúna an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a bhailíochtú, tar éis scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann sé na coinníollacha a bhaineann le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint faoin Rialachán seo.

Airteagal 4 3.

Ní fhéadfaidh ach na dreamanna seo a leanas Ordú Caomhnaithe Eorpach le haghaidh sonraí aon chatagóir a eisiúint:

(a) 

breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí atá inniúil sa chás lena mbaineann; nó

(b) 

aon údarás inniúil eile arna shainiú ag an Stát eisiúna atá, sa chás lena mbaineann, ag gníomhú ina cháil mar údarás imscrúdúcháin in imeachtaí coiriúla a bhfuil inniúlacht aige chun fianaise a bhailiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; i gcás mar sin, déanfaidh breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí sa Stát eisiúna an tOrdú Caomhnaithe Eorpach, tar éis scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann sé na coinníollacha a bhaineann le hOrdú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint faoin Rialachán seo.

Airteagal 4 4.
I gcás ina ndearna údarás breithiúnach Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a bhailíochtú de bhun mhír 1, pointe (b), mír 2, pointe (b) nó mír 3, pointe (b), féadfar breathnú ar an údarás sin freisin mar údarás eisiúna chun an EPOC agus an EPOC-PR a tharchur.
Airteagal 4 5.
I gcás éigeandála arna bhunú go bailí, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (18), féadfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) agus i mír 3, pointe (b), den Airteagal seo Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint go heisceachtúil le haghaidh sonraí suibscríobhaí nó le haghaidh sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), nó Ordú Caomhnaithe Eorpach gan an t-ordú lena mbaineann a bhailíochtú roimh ré, i gcás nach féidir bailíochtú a fháil in am agus i gcás ina bhféadfadh na húdaráis sin ordú a eisiúint i gcás intíre comhchosúil gan bailíochtú roimh ré. Iarrfaidh an t-údarás eisiúna bailíochtú ex post ar an ordú lena mbaineann gan moill mhíchuí, laistigh de 48 n-uair an chloig ar a dhéanaí. I gcás nach ndeonófar bailíochtú ex post den sórt sin ar an ordú lena mbaineann, déanfaidh an t-údarás eisiúna an t-ordú a tharraingt siar láithreach agus déanfaidh sé úsáid aon sonraí a fuarthas a scriosadh nó a shrianadh ar shlí eile.
Airteagal 4 6.
Féadfaidh gach Ballstát údarás lárnach amháin nó níos mó a ainmniú le bheith freagrach as tarchur riaracháin EPOCanna agus EPOC-PRanna, Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha agus fógraí, agus as sonraí agus fógraí a fháil chomh maith le comhfhreagras oifigiúil eile a bhaineann le deimhnithe nó orduithe den sórt sin a tharchur.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1543
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.