+Airteagal 8 Fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
|
Airteagal 8 Fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
I gcás ina n-eisítear Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí tráchta a fháil, cé is moite de na sonraí a iarradh chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), nó chun sonraí inneachair a fháil, tabharfaidh an t-údarás eisiúna fógra don údarás forfheidhmiúcháin tríd an EPOC a tharchur chuig an údarás sin an tráth céanna a tharchuirfidh sé an EPOC chuig an seolaí i gcomhréir le hAirteagal 9(1) agus (2).
|
|
Airteagal 8 2.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 1 más rud é, tráth eisiúna an ordaithe, go bhfuil forais réasúnta ag an údarás eisiúna a chreidiúint:
(a)
go ndearnadh an cion, go bhfuil sé á dhéanamh nó gur dócha go ndéanfar é sa Stát eisiúna; agus
(b)
go bhfuil cónaí sa Stát eisiúna ar an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Agus an EPOC á tharchur dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chuig an údarás forfheidhmiúcháin, áireoidh an t-údarás eisiúna, i gcás inarb iomchuí, aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht go n-ardófaí foras diúltaithe i gcomhréir le hAirteagal 12.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Beidh éifeacht fionraíochta ag an bhfógra don údarás forfheidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar oibleagáidí an tseolaí mar a leagtar amach in Airteagal 10(2), ach amháin i gcásanna éigeandála mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (18).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1543
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|