+Airteagal 11 EPOC-PR a fhorghníomhú
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
|
Airteagal 11 EPOC-PR a fhorghníomhú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Ar EPOC-PR a fháil, caomhnóidh an seolaí na sonraí a iarradh, gan moill mhíchuí. Tiocfaidh deireadh leis an oibleagáid na sonraí a chaomhnú tar éis 60 lá, mura ndeimhneoidh an t-údarás eisiúna, trí úsáid a bhaint as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn V, gur eisíodh iarraidh ina dhiaidh sin ar fhianaise a thabhairt ar aird. Le linn na tréimhse 60 lá sin, féadfaidh an t-údarás eisiúna, ag úsáid na foirme a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, tréimhse bhreise 30 lá a chur le ré na hoibleagáide na sonraí a chaomhnú, i gcás inar gá chun gur féidir iarraidh a eisiúint ina dhiaidh sin ar fhianaise a thabhairt ar aird.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Más rud é, le linn na tréimhse caomhnúcháin a leagtar amach i mír 1, go ndeimhníonn an t-údarás eisiúna gur eisíodh iarraidh ina dhiaidh sin ar fhianaise a thabhairt ar aird, caomhnóidh an seolaí na sonraí a fhad is gá chun na sonraí a thabhairt ar aird a luaithe a gheofar an iarraidh ina dhiaidh sin ar na sonraí a thabhairt ar aird.
|
|
Airteagal 11 3.
|
I gcás nach mbíonn gá a thuilleadh leis an gcaomhnú, cuirfidh an t-údarás eisiúna na seolaithe ar an eolas gan moill mhíchuí agus cuirfear deireadh leis an oibleagáid maidir le caomhnú ar bhonn an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh ábhartha.
|
|
Airteagal 11 4.
|
I gcás ina measann an seolaí, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san EPOC-PR amháin, go bhféadfadh forghníomhú an EPOC-PR cur isteach ar dhíolúintí nó ar phribhléidí, nó ar rialacha maidir le dliteanas coiriúil a chinneadh nó a theorannú a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, cuirfidh an seolaí an méid sin in iúl don údarás eisiúna agus don údarás forfheidhmiúcháin, san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Cuirfidh an t-údarás eisiúna an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír san áireamh, agus cinnfidh sé, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón údarás forfheidhmiúcháin, an ndéanfar an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a tharraingt siar, a oiriúnú nó a chothabháil.
|
|
Airteagal 11 5.
|
I gcás nach féidir leis an seolaí a oibleagáid a chomhlíonadh maidir leis na sonraí a iarradh a chaomhnú toisc go bhfuil an EPOC-PR neamhiomlán, go bhfuil earráidí follasacha ann nó nach bhfuil dóthain faisnéise ann chun an EPOC-PR a fhorghníomhú, déanfaidh an seolaí, gan moill mhíchuí, an t-údarás eisiúna dá dtagraítear san EPOC-PR a chur ar an eolas agus soiléiriú a lorg, ag úsáid na foirme a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Freagróidh an t-údarás eisiúna go gasta agus laistigh de 5 lá tar éis an fhoirm a fháil ar a dhéanaí. Áiritheoidh an seolaí gur féidir leis an soiléiriú is gá nó aon cheartú arna sholáthar ag an údarás eisiúna a fháil chun go gcomhlíonfaidh an seolaí a chuid oibleagáidí mar a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3. In éagmais freagairt ón údarás eisiúna laistigh den tréimhse cúig lá, beidh an soláthraí seirbhíse díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.
|
|
Airteagal 11 6.
|
I gcás nach féidir leis an seolaí a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le caomhnú na sonraí a iarradh de bharr dodhéantacht de facto mar gheall ar chúinsí nach bhfuil inchurtha i leith an tseolaí, cuirfidh an seolaí é sin in iúl don údarás eisiúna dá dtagraítear san EPOC-PR gan moill mhíchuí agus míneoidh sé na cúiseanna atá leis an dodhéantacht de facto sin, agus úsáid á baint aige as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás eisiúna gur ann don dodhéantacht sin, cuirfidh sé in iúl don seolaí nach gá an EPOC-PR a fhorghníomhú a thuilleadh.
|
|
Airteagal 11 7.
|
I ngach cás nach gcaomhnaíonn an seolaí na sonraí a iarradh, ar chúiseanna seachas na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 6, cuirfidh an seolaí na cúiseanna sin in iúl don údarás eisiúna, gan moill mhíchuí, ag úsáid na foirme a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Déanfaidh an t-údarás eisiúna athbhreithniú ar an Ordú Caomhnaithe Eorpach i bhfianaise an údair arna sholáthar ag an seolaí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1543
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|