+Airteagal 19 Cumarsáid dhigiteach shlán agus malartú sonraí slán idir údaráis inniúla agus soláthraithe seirbhíse agus idir údaráis inniúla
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.

Airteagal 19 Cumarsáid dhigiteach shlán agus malartú sonraí slán idir údaráis inniúla agus soláthraithe seirbhíse agus idir údaráis inniúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19 1.
Is trí chóras TF díláraithe (‘an córas TF díláraithe’) atá slán agus iontaofa a dhéanfar cumarsáid i scríbhinn idir údaráis inniúla agus bunaíochtaí ainmnithe nó ionadaithe dlíthiúla faoin Rialachán seo, lena n-áirítear malartú na bhfoirmeacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus na sonraí a iarradh faoi Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó faoi Ordú Caomhnaithe Eorpach.
Airteagal 19 2.
Áiritheoidh gach Ballstát go dtabharfar rochtain ar an gcóras TF díláraithe do bhunaíochtaí ainmnithe nó d’ionadaithe dlíthiúla soláthraithe seirbhíse atá lonnaithe sa Bhallstát sin trína gcóras TF náisiúnta faoi seach.
Airteagal 19 3.
Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse gur féidir lena mbunaíochtaí ainmnithe nó lena n-ionadaithe dlíthiúla an córas TF díláraithe a úsáid tríd an gcóras TF náisiúnta faoi seach chun EPOCanna agus EPOC-PRanna a fháil, na sonraí a iarradh a sheoladh chuig an údarás eisiúna agus cumarsáid a dhéanamh ar aon bhealach eile leis an údarás eisiúna agus leis an údarás forfheidhmiúcháin, dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
Airteagal 19 4.
Is tríd an gcóras TF díláraithe a dhéanfar cumarsáid i scríbhinn idir údaráis inniúla faoin Rialachán seo, lena n-áirítear malartú foirmeacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus na sonraí a iarradh faoin nós imeachta um fhorfheidhmiú dá bhforáiltear in Airteagal 16, chomh maith le cumarsáid i scríbhinn le gníomhaireachtaí nó comhlachtaí inniúla de chuid an Aontais.
Airteagal 19 5.
I gcás nach féidir cumarsáid leictreonach tríd an gcóras TF díláraithe a dhéanamh i gcomhréir le mír 1 nó mír 4 de bharr, mar shampla, cur isteach ar an gcóras TF díláraithe, cineál an ábhair a tarchuireadh, teorainneacha teicniúla, amhail méid na sonraí, srianta dlíthiúla a bhaineann le hinghlacthacht na sonraí a iarradh mar fhianaise nó le ceanglais fhóiréinseacha is infheidhme maidir leis na sonraí a iarradh, nó cúinsí eisceachtúla, déanfar an tarchur trí na modhanna malartacha is iomchuí, agus an gá atá le malartú faisnéise atá gasta, slán agus iontaofa a áirithiú á chur san áireamh, agus faoinar féidir leis an údarás forfheidhmiúcháin barántúlacht a bhunú.
Airteagal 19 6.
I gcás ina ndéantar tarchur trí mhodhanna malartacha dá bhforáiltear i mír 5, déanfaidh tionscnóir an tarchuir an tarchur a thaifeadadh sa chóras TF díláraithe gan moill mhíchuí, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, dáta agus am an tarchurtha, an seoltóir agus an faighteoir, ainm an chomhaid agus a mhéid.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1543
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.