+Airteagal 5 4.

Airteagal 5 4.

Ag pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal ag a bhfuil aschur cumhachta atá cothrom le 50 kW nó níos mó ná sin, beidh an praghas ad hoc a ghearrann an t-oibreoir bunaithe ar an bpraghas in aghaidh an kWh don leictreachas a sheachadtar. Ina theannta sin, is féidir le hoibreoirí na bpointí athluchtaithe sin táille áitíochta a ghearradh mar phraghas in aghaidh an nóiméid chun áitíocht fhada an phointe athluchtaithe a dhíspreagadh.

Taispeánfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus ag a bhfuil aschur cumhachta atá cothrom le 50 kW nó níos mó ná sin, ag na stáisiúin athluchtaithe, an praghas ad hoc in aghaidh an kWh agus aon táille áitíochta a d’fhéadfadh a bheith ann arna sloinneadh mar phraghas in aghaidh an nóiméid ionas go mbeidh an fhaisnéis sin ar eolas ag na húsáideoirí deiridh sula dtionscnóidh siad seisiún athluchtaithe agus go n-éascófar comparáid praghsanna.

Déanfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus ag a bhfuil aschur cumhachta níos lú ná 50 kW, ag na stáisiún athluchtaithe arna n-oibriú acu, an fhaisnéis maidir leis an bpraghas ad hoc a chur ar fáil go soiléir agus go héasca, leis na comhpháirteanna praghais go léir a ghabhann leis, ionas go mbeidh an fhaisnéis sin ar eolas ag na húsáideoirí deiridh sula dtionscnóidh siad seisiún athluchtaithe agus go n-éascófar comparáid praghsanna. Cuirfear na comhpháirteanna praghais is infheidhme i láthair san ord seo a leanas:

— 
praghas in aghaidh an kWh;
— 
praghas in aghaidh an nóiméid;
— 
praghas in aghaidh an tseisiúin; agus
— 
aon chomhpháirt praghais eile ag a bhfuil feidhm.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus ag an dara fomhír maidir leis na pointí athluchtaithe uile arna n-imscaradh ón 13 Aibreán 2024.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.