+Airteagal 5 Bonneagar athluchtaithe
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
---+Airteagal 5 9.
---+Airteagal 5 10.
---+Airteagal 5 11.
|
Airteagal 5 Bonneagar athluchtaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Maidir le hoibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal, tabharfaidh siad deis d’úsáideoirí deiridh a bhfeithicil leictreach a athluchtú ar bhonn ad hoc ag na pointí athluchtaithe arna n-oibriú acu. Ag pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal arna n-imscaradh ón 13 Aibreán 2024, féadfar athluchtú ar bhonn ad hoc a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ionstraim íocaíochta a úsáidtear go forleathan san Aontas. Chuige sin, glacfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe le híocaíochtaí leictreonacha ag na pointí sin trí theirminéil agus gairis a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta, lena n-áirítear ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:
(a)
léitheoirí cártaí íocaíochta;
(b)
gairis a bhfuil feidhmiúlacht gan teagmháil acu atá in ann cártaí íocaíochta a léamh ar a laghad;
(c)
le haghaidh pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus ag a bhfuil aschur cumhachta faoi bhun 50 kW, gairis a úsáideann nasc idirlín agus lena gceadaítear idirbhearta slána íocaíochta amhail iad siúd a ghineann cód sonrach Mearfhreagartha.
Ón 1 Eanáir 2027, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i bpointí (a) nó (b) i ngach stáisiún athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus arna oibriú acu ag a bhfuil aschur cumhachta atá cothrom le 50 kW nó níos mó ná sin, arna imscaradh feadh an ghréasáin bóithre TEN-T nó arna imscaradh ar limistéar páirceála sábháilte slán, lena n-áirítear pointí athluchtaithe arna n-imscaradh roimh an 13 Aibreán 2024. Féadfaidh teirminéal nó gaireas íocaíochta aonair dá dtagraítear sa dara fomhír freastal ar roinnt pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal i gcomhthiomsú athluchtaithe. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal nach ngearrtar táille leo as an tseirbhís athluchtaithe.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe, nuair a thairgfidh siad fíordheimhniú uathoibríoch ag pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus arna oibriú acu, go mbeidh an ceart i gcónaí ag úsáideoirí deiridh gan úsáid a bhaint as an bhfíordheimhniú uathoibríoch agus go bhféadfaidh siad, ina ionad sin, a bhfeithicil a athluchtú ar bhonn ad hoc, dá bhforáiltear i mír 1, nó úsáid a bhaint as réiteach athluchtaithe conradh-bhunaithe eile a thairgtear ag an bpointe athluchtaithe sin. Taispeánfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe an rogha sin go soiléir d’úsáideoirí deiridh agus cuirfidh siad ar fáil ar bhealach áisiúil dóibh í ag gach pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus arna oibriú acu, ag a gcuirfidh siad fíordheimhniú uathoibríoch ar fáil.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Is réasúnta, inchomparáide go héasca agus go soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh praghsanna a ghearrfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal. Ní dhéanfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal idirdhealú, trí na praghsanna a ghearrtar, idir úsáideoirí deiridh agus soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta ná idir soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta éagsúla. Mar sin féin, is ar bhealach comhréireach agus más ann do bhonn cirt oibiachtúil, agus ar an mbealach sin amháin, a fhéadfar leibhéal na bpraghsanna a dhifreáil.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Ag pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal ag a bhfuil aschur cumhachta atá cothrom le 50 kW nó níos mó ná sin, beidh an praghas ad hoc a ghearrann an t-oibreoir bunaithe ar an bpraghas in aghaidh an kWh don leictreachas a sheachadtar. Ina theannta sin, is féidir le hoibreoirí na bpointí athluchtaithe sin táille áitíochta a ghearradh mar phraghas in aghaidh an nóiméid chun áitíocht fhada an phointe athluchtaithe a dhíspreagadh. Taispeánfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus ag a bhfuil aschur cumhachta atá cothrom le 50 kW nó níos mó ná sin, ag na stáisiúin athluchtaithe, an praghas ad hoc in aghaidh an kWh agus aon táille áitíochta a d’fhéadfadh a bheith ann arna sloinneadh mar phraghas in aghaidh an nóiméid ionas go mbeidh an fhaisnéis sin ar eolas ag na húsáideoirí deiridh sula dtionscnóidh siad seisiún athluchtaithe agus go n-éascófar comparáid praghsanna. Déanfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus ag a bhfuil aschur cumhachta níos lú ná 50 kW, ag na stáisiún athluchtaithe arna n-oibriú acu, an fhaisnéis maidir leis an bpraghas ad hoc a chur ar fáil go soiléir agus go héasca, leis na comhpháirteanna praghais go léir a ghabhann leis, ionas go mbeidh an fhaisnéis sin ar eolas ag na húsáideoirí deiridh sula dtionscnóidh siad seisiún athluchtaithe agus go n-éascófar comparáid praghsanna. Cuirfear na comhpháirteanna praghais is infheidhme i láthair san ord seo a leanas:
—
praghas in aghaidh an kWh;
—
praghas in aghaidh an nóiméid;
—
praghas in aghaidh an tseisiúin; agus
—
aon chomhpháirt praghais eile ag a bhfuil feidhm.
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus ag an dara fomhír maidir leis na pointí athluchtaithe uile arna n-imscaradh ón 13 Aibreán 2024.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Is réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh praghsanna a ghearrfaidh soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta ar úsáideoirí deiridh. Roimh thús an tseisiúin athluchtaithe, cuirfidh soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta an fhaisnéis uile faoi phraghsanna a bhaineann go sonrach leis an seisiún athluchtaithe sin ar fáil d’úsáideoirí deiridh trí mhodhanna leictreonacha atá ar fáil gan srian agus a bhfuil tacaíocht fhorleathan leo, ina ndéanfar idirdhealú soiléir idir na comhpháirteanna uile, lena n-áirítear na costais ríomhfhánaíochta is infheidhme agus táillí nó muirir eile a ghearrann an soláthraí seirbhíse soghluaisteachta. Is réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh na táillí. Ní ghearrfaidh soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta aon mhuirir bhreise ar ríomhfhánaíocht trasteorann.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis faireachán rialta ar an margadh bonneagair athluchtaithe, agus go háirithe, go ndéanfaidh siad faireachán ar mhíreanna 3 agus 5 a bheith á gcomhlíonadh ag oibreoirí pointí athluchtaithe agus soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta. Féachfaidh na Ballstáit freisin lena áirithiú go ndéanfaidh a n-údaráis faireachán rialta ar chleachtais tráchtála a d’fhéadfadh a bheith éagórach agus a dhéanann difear do thomhaltóirí.
|
|
Airteagal 5 7.
|
Faoin 14 Deireadh Fómhair 2024, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe maidir le gach pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus arna oibriú acu gur pointe athluchtaithe atá nasctha go digiteach é.
|
|
Airteagal 5 8.
|
Áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe go mbeidh na pointí athluchtaithe uile atá inrochtana don phobal agus arna n-oibriú acu agus arna dtógáil tar éis an 13 Aibreán 2024 nó arna n-athchóiriú tar éis an 14 Deireadh Fómhair 2024 in ann athluchtú cliste a dhéanamh.
|
|
Airteagal 5 9.
|
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, laistigh de limistéir pháirceála agus scíthe feadh an ghréasáin bóithre TEN-T ina n-imscartar bonneagar breoslaí malartacha, go mbeidh comharthaíocht leordhóthanach ann maidir le suíomh beacht an bhonneagair breoslaí malartacha.
|
|
Airteagal 5 10.
|
Faoin 14 Aibreán 2025, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal maidir le gach pointe athluchtaithe srutha dhírigh (DC) atá inrochtana don phobal agus arna oibriú acu, go mbeidh cábla athluchtaithe doghluaiste suiteáilte ann.
|
|
Airteagal 5 11.
|
I gcás nach é oibreoir pointe athluchtaithe úinéir an phointe athluchtaithe sin, déanfaidh an t-úinéir, i gcomhréir leis na socruithe eatarthu, pointe athluchtaithe a chur ar fáil don oibreoir ina mbeidh na saintréithe teicniúla chun a chur ar a chumas don oibreoir na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 2, 7, 8 agus 10 a chomhlíonadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|