+Airteagal 6 Spriocanna maidir le bonneagar athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh feithiclí bóthair
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
|
Airteagal 6 Spriocanna maidir le bonneagar athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh feithiclí bóthair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go n-imscarfar líon íosta pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal ina gcríoch faoin 31 Nollaig 2030. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2030 maidir le stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal, a dearadh ar bhealach a mbeidh toilleadh carnach íosta de thona amháin in aghaidh an lae acu agus atá feistithe le rannóir 700 bar ar a laghad, go n-imscarfar na stáisiúin sin agus achar uasta 200 km eatarthu feadh an chroíghréasáin TEN-T. Áiritheoidh na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2030 go ndéanfar stáisiún athbhreoslaithe hidrigine amháin ar a laghad atá inrochtana don phobal a imscaradh i ngach nód uirbeach. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar anailís chun an suíomh is fearr do stáisiúin athbhreoslaithe den sórt sin a chinneadh agus go ndéanfar scrúdú san anailís go háirithe ar imscaradh stáisiún athbhreoslaithe den sórt sin i moil ilmhódacha ina bhféadfaí modhanna iompair eile a sholáthar freisin. Leagfaidh na Ballstáit amach ina gcreataí beartais náisiúnta conair líneach shoiléir i dtreo spriocanna 2030 a bhaint amach, mar aon le sprioc tháscach shoiléir do 2027 lena soláthrófar cumhdach leordhóthanach ar an gcroíghréasán TEN-T d’fhonn éilimh shíorathraitheacha an mhargaidh a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit chomharsanachta nach sárófar an t-achar uasta dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán TEN-T.
|
|
Airteagal 6 3.
|
Áiritheoidh oibreoir stáisiúin athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal nó, i gcás nach é an t-oibreoir an t-úinéir, áiritheoidh úinéir an stáisiúin sin i gcomhréir leis na socruithe eatarthu, go bhfuil an stáisiún ceaptha chun freastal ar fheithiclí saothair éadroim agus tromshaothair.
|
|
Airteagal 6 4.
|
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, feadh bóithre den chroíghréasán TEN-T ar a mbíonn meántrácht laethúil bliantúil iomlán níos lú ná 2 000 feithicil tromshaothair agus i gcás nach féidir údar cuí a thabhairt le himscaradh bonneagair ó thaobh costais agus tairbhí socheacnamaíocha de, féadfaidh na Ballstáit acmhainneacht stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal agus a éilítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo a laghdú suas le 50 %, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa mhír sin maidir leis an achar uasta idir stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine agus an brú rannóra. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chás inar bhain siad úsáid as an maolú dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na cásanna sin gach 2 bhliain mar chuid den tuairisciú náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15.
|
|
Airteagal 6 5.
|
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, má bhíonn na costais a bhaineann le himscaradh an bhonneagair díréireach leis na tairbhí, lena n-áirítear na tairbhí comhshaoil, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir leis na réigiúin seo a leanas:
(a)
na réigiúin is forimeallaí den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE; nó
(b)
oileáin a thagann faoin sainmhíniú ar chórais bheaga nasctha nó ar chórais bheaga scoite de réir Threoir (AE) 2019/944.
I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh na Ballstáit údar lena gcinntí don Choimisiún agus cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil ina gcreataí beartais náisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|