+Airteagal 7 Bonneagar athbhreoslaithe hidrigine
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.

Airteagal 7 Bonneagar athbhreoslaithe hidrigine

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.
Tabharfaidh oibreoirí pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal agus arna n-oibriú acu deis d’úsáideoirí deiridh athbhreoslú a dhéanamh ar bhonn ad hoc.

Féadfar athbhreoslú ad hoc a dhéanamh i ngach pointe athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal trí úsáid a bhaint as ionstraim íocaíochta a úsáidtear go forleathan san Aontas. Chuige sin, glacfaidh oibreoirí na bpointí sin le híocaíochtaí leictreonacha trí theirminéil agus gairis a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta, lena n-áirítear ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas:

(a) 

léitheoirí cártaí íocaíochta;

(b) 

gairis a bhfuil feidhmiúlacht gan teagmháil acu atá in ann cártaí íocaíochta a léamh ar a laghad.

I gcás pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal agus arna n-imscaradh tar éis an 13 Aibreán 2024, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo ón uair a imscarfar iad. I gcás pointí athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus arna n-imscaradh roimh an 13 Aibreán 2024, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo ón 14 Deireadh Fómhair 2024.

I gcás nach é oibreoir an phointe athbhreoslaithe hidrigine úinéir an phointe sin, déanfaidh an t-úinéir, i gcomhréir leis na socruithe eatarthu, pointí athbhreoslaithe hidrigine a chur ar fáil don oibreoir ina mbeidh na saintréithe teicniúla chun a chur ar a chumas don oibreoir na hoibleagáidí a leagtar amach sa mhír seo a chomhlíonadh.

Airteagal 7 2.
Is réasúnta, inchomparáide go héasca agus go soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh na praghsanna a ghearrfaidh oibreoirí pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal. Ní dhéanfaidh oibreoirí pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal idirdhealú, trí na praghsanna a ghearrtar, idir úsáideoirí deiridh agus soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta, ná idir soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta éagsúla. Mar sin féin, ní fhéadfar leibhéal na bpraghsanna a dhifreáil, ach amháin más ann do bhonn cirt oibiachtúil.
Airteagal 7 3.
Déanfaidh oibreoirí pointí athbhreoslaithe hidrigine faisnéis a thaispeáint go soiléir faoin bpraghas ad hoc in aghaidh an kg ag na stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal agus arna n-oibriú acu, ionas go mbeidh an fhaisnéis sin ar eolas ag na húsáideoirí deiridh sula dtionscnóidh siad seisiún athbhreoslaithe agus go n-éascófar comparáid praghsanna.
Airteagal 7 4.
Maidir le hoibreoirí stáisiún athbhreoslaithe hidrigine, féadfaidh siad seirbhísí athbhreoslaithe hidrigine a sholáthar do chustaiméirí ar bhonn conarthach, lena n-áirítear in ainm agus thar ceann soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta eile. Is réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh na praghsanna a ghearrfaidh soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta ar úsáideoirí deiridh. Roimh thús an tseisiúin athbhreoslaithe, cuirfidh soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta an fhaisnéis uile faoi phraghsanna ar fáil d’úsáideoirí deiridh, ar faisnéis í a bhaineann go sonrach leis an seisiún athbhreoslaithe atá beartaithe acu, trí mhodhanna leictreonacha atá ar fáil gan srian agus a bhfuil tacaíocht fhorleathan leo, ina ndéanfar idirdhealú soiléir idir na comhpháirteanna praghais uile a ghearrann oibreoir an phointe athbhreoslaithe hidrigine, lena n-áirítear na costais ríomhfhánaíochta is infheidhme agus táillí nó muirir eile a ghearrann siad.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.