|
+Airteagal 9 1. |
Airteagal 9 1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar soláthar íosta leictreachais cois cladaigh a sholáthar do longa coimeádán farraige agus longa paisinéirí farraige i gcalafoirt mhuirí den ghréasán TEN-T. Chuige sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú faoin 31 Nollaig 2029:
(a)
Calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus calafoirt mhuirí den ghréasán cuimsitheach TEN-T, dá bhfuil líon bliantúil na gcuairteanna ar chalafort ag longa atá ar múráil le taobh na cé le 3 bliana anuas ag longa coimeádán farraige atá os cionn 5 000 olltonna os cionn 100, tá siad feistithe chun soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar gach bliain le haghaidh 90 % ar a laghad de líon iomlán na gcuairteanna ar chalafort ag longa coimeádán farraige os cionn 5 000 olltonna atá ar múráil le taobh na cé ag an gcalafort muirí lena mbaineann;
(b)
Calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus calafoirt mhuirí den ghréasán cuimsitheach TEN-T, dá bhfuil meánlíon bliantúil na gcuairteanna ar chalafort ag longa atá ar múráil le taobh na cé le 3 bliana anuas ag longa paisinéirí róró farraige atá os cionn 5 000 olltonna agus ag árthaí paisinéirí ardluais atá os cionn 5 000 olltonna os cionn 40, tá siad feistithe chun soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar gach bliain le haghaidh 90 % ar a laghad de líon iomlán na gcuairteanna ar chalafort ag longa paisinéirí róró farraige atá os cionn 5 000 olltonna gus ag árthaí paisinéirí ardluais atá os cionn 5 000 olltonna atá ar múráil le taobh na cé ag an gcalafort muirí lena mbaineann;
(c)
Calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus calafoirt mhuirí den ghréasán cuimsitheach TEN-T, dá bhfuil meánlíon bliantúil na gcuairteanna ar chalafort ag longa atá ar múráil le taobh na cé le 3 bliana anuas ag longa paisinéirí farraige atá os cionn 5 000 olltonna seachas ag longa paisinéirí róró farraige agus ag árthaí paisinéirí ardluais farraige os cionn 25, tá siad feistithe chun soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar gach bliain le haghaidh 90 % ar a laghad de líon iomlán na gcuairteanna ar chalafort ag longa paisinéirí farraige atá os cionn 5 000 olltonna seachas ag longa paisinéirí róró farraige agus ag árthaí paisinéirí farraige ardluais atá ar múráil le taobh na cé ag an gcalafort muirí lena mbaineann; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|