+Airteagal 9 Spriocanna maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
|
Airteagal 9 Spriocanna maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar soláthar íosta leictreachais cois cladaigh a sholáthar do longa coimeádán farraige agus longa paisinéirí farraige i gcalafoirt mhuirí den ghréasán TEN-T. Chuige sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú faoin 31 Nollaig 2029:
(a)
Calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus calafoirt mhuirí den ghréasán cuimsitheach TEN-T, dá bhfuil líon bliantúil na gcuairteanna ar chalafort ag longa atá ar múráil le taobh na cé le 3 bliana anuas ag longa coimeádán farraige atá os cionn 5 000 olltonna os cionn 100, tá siad feistithe chun soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar gach bliain le haghaidh 90 % ar a laghad de líon iomlán na gcuairteanna ar chalafort ag longa coimeádán farraige os cionn 5 000 olltonna atá ar múráil le taobh na cé ag an gcalafort muirí lena mbaineann;
(b)
Calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus calafoirt mhuirí den ghréasán cuimsitheach TEN-T, dá bhfuil meánlíon bliantúil na gcuairteanna ar chalafort ag longa atá ar múráil le taobh na cé le 3 bliana anuas ag longa paisinéirí róró farraige atá os cionn 5 000 olltonna agus ag árthaí paisinéirí ardluais atá os cionn 5 000 olltonna os cionn 40, tá siad feistithe chun soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar gach bliain le haghaidh 90 % ar a laghad de líon iomlán na gcuairteanna ar chalafort ag longa paisinéirí róró farraige atá os cionn 5 000 olltonna gus ag árthaí paisinéirí ardluais atá os cionn 5 000 olltonna atá ar múráil le taobh na cé ag an gcalafort muirí lena mbaineann;
(c)
Calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus calafoirt mhuirí den ghréasán cuimsitheach TEN-T, dá bhfuil meánlíon bliantúil na gcuairteanna ar chalafort ag longa atá ar múráil le taobh na cé le 3 bliana anuas ag longa paisinéirí farraige atá os cionn 5 000 olltonna seachas ag longa paisinéirí róró farraige agus ag árthaí paisinéirí ardluais farraige os cionn 25, tá siad feistithe chun soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar gach bliain le haghaidh 90 % ar a laghad de líon iomlán na gcuairteanna ar chalafort ag longa paisinéirí farraige atá os cionn 5 000 olltonna seachas ag longa paisinéirí róró farraige agus ag árthaí paisinéirí farraige ardluais atá ar múráil le taobh na cé ag an gcalafort muirí lena mbaineann;
|
|
Airteagal 9 2.
|
Ní chuirfear san áireamh na cuairteanna ar chalafoirt ag longa dá dtagraítear in Airteagal 6(5), pointí (a), (b), (c), (e) agus (g), de Rialachán (AE) 2023/1805 chun líon iomlán na gcuairteanna ar chalafoirt a chinneadh i gcás longa ar múráil le taobh na cé ag an gcalafort muirí lena mbaineann faoi mhír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 9 3.
|
I gcás ina bhfuil an croíchalafort muirí TEN-T nó an calafort muirí cuimsitheach TEN-T suite ar oileán, nó i réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE nó ar chríoch Ceuta agus Melilla, nach bhfuil nasctha go díreach le heangach leictreachais na mórthíre, nó más réigiún is forimeallaí nó más Ceuta agus Melilla atá i gceist, nach bhfuil nasctha le heangach leictreachais de chuid tír chomharsanachta, ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo go dtí go dtabharfar i gcrích nasc den sórt sin nó go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach leictreachais ann a ghintear go háitiúil ó fhoinsí fuinnimh neamhiontaise chun riachtanais an oileáin, an réigiúin is forimeallaí, nó Ceuta agus Melilla a chumhdach, cibé acu is ábhartha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|