+Airteagal 17 6.

Airteagal 17 6.

Ar bhonn na gcreataí beartais náisiúnta críochnaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 14(11), na dtuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15(1) agus na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 18(1), déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir leis na spriocanna náisiúnta agus na cuspóirí arna dtíolacadh ag gach Ballstát a chur ar fáil go poiblí agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an líon pointí agus stáisiún athluchtaithe atá inrochtana don phobal, ar leithligh i gcás pointí athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim agus pointí athluchtaithe agus stáisiúin athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair, agus i gcomhréir leis an gcatagóiriú dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III;

(b) 

an líon pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal;

(c) 

an bonneagar le haghaidh soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

(d) 

an bonneagar le haghaidh soláthar leictreachais d’aerárthaí ina stad in aerfoirt den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

(e) 

an líon pointí athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

(f) 

an líon pointí athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh mótarfheithiclí;

(g) 

an líon pointí athbhreoslaithe le haghaidh GNC atá inrochtana don phobal le haghaidh mótarfheithiclí;

(h) 

pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha eile i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

(i) 

pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha ag aerfoirt den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

(j) 

pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe maidir le breoslaí malartacha i gcás iompar d’iarnród.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.