+Airteagal 17 Athbhreithniú ar chreataí beartais náisiúnta agus ar thuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
|
Airteagal 17 Athbhreithniú ar chreataí beartais náisiúnta agus ar thuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Faoin 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcreat beartais náisiúnta ar thug na Ballstáit fógra ina leith de bhun Airteagal 14(11) agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an measúnú ar na creataí beartais náisiúnta sin agus maidir lena gcomhleanúnachas ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear measúnú tosaigh ar an leibhéal a mheasfar a bhainfear amach na spriocanna agus na cuspóirí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 14(2).
|
|
Airteagal 17 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na tuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 15(1) agus eiseoidh sé, de réir mar is iomchuí, moltaí do na Ballstáit chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí agus go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo.
|
|
Airteagal 17 3.
|
Laistigh de 6 mhí tar éis dó na moltaí dá dtagraítear i mír 2 a fháil, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoin gcaoi a mbeartaíonn sé na moltaí a chur chun feidhme. Má chinneann an Ballstát lena mbaineann gan na moltaí nó cuid shuntasach díobh a chur chun feidhme, déanfaidh sé na cúiseanna atá leis sin a chur in iúl don Choimisiún.
|
|
Airteagal 17 4.
|
Tar éis don Bhallstát an fógra nó an réasúnú dá dtagraítear i mír 3 a thíolacadh, leagfaidh an Ballstát lena mbaineann amach ina chéad tuarascáil náisiúnta eile ar dhul chun cinn an chaoi a bhfuil na moltaí curtha chun feidhme aige.
|
|
Airteagal 17 5.
|
Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar a mheasúnú ar na tuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn bliain amháin tar éis do Bhallstáit na tuarascálacha sin ar dhul chun cinn a thíolacadh de bhun Airteagal 15(1). Beidh meastóireacht ar na nithe seo a leanas sa mheasúnú sin:
(a)
an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir leis na spriocanna agus na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 14(2) a bhaint amach, lena n-áirítear freagairtí na mBallstát ar na moltaí ón gCoimisiún de bhun mhír 2 den Airteagal seo;
(b)
comhleanúnachas na forbartha ar bhonneagar breoslaí malartacha ar leibhéal an Aontais.
|
|
Airteagal 17 6.
|
Ar bhonn na gcreataí beartais náisiúnta críochnaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 14(11), na dtuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15(1) agus na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 18(1), déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir leis na spriocanna náisiúnta agus na cuspóirí arna dtíolacadh ag gach Ballstát a chur ar fáil go poiblí agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
an líon pointí agus stáisiún athluchtaithe atá inrochtana don phobal, ar leithligh i gcás pointí athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim agus pointí athluchtaithe agus stáisiúin athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair, agus i gcomhréir leis an gcatagóiriú dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III;
(b)
an líon pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal;
(c)
an bonneagar le haghaidh soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;
(d)
an bonneagar le haghaidh soláthar leictreachais d’aerárthaí ina stad in aerfoirt den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;
(e)
an líon pointí athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;
(f)
an líon pointí athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh mótarfheithiclí;
(g)
an líon pointí athbhreoslaithe le haghaidh GNC atá inrochtana don phobal le haghaidh mótarfheithiclí;
(h)
pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha eile i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;
(i)
pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha ag aerfoirt den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;
(j)
pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe maidir le breoslaí malartacha i gcás iompar d’iarnród.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|