+Airteagal 21 Sonraíochtaí teicniúla coiteanna
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 6.
|
Airteagal 21 Sonraíochtaí teicniúla coiteanna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Beidh feidhm ag na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
|
|
Airteagal 21 2.
|
I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin Eorpacha a dhréachtú ina leagfar síos sonraíochtaí teicniúla do réimsí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus nach bhfuil aon sonraíochtaí teicniúla coiteanna glactha ag an gCoimisiún ina leith.
|
|
Airteagal 21 3.
|
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22 chun an méid seo a leanas a chur i gcrích:
(a)
Iarscríbhinn II a leasú trí shonraíochtaí teicniúla a thabhairt isteach le haghaidh na réimsí a liostaítear san Iarscríbhinn sin chun idir-inoibritheacht theicniúil iomlán an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe a chumasú ó thaobh naisc fhisiciúla, malartuithe cumarsáide agus rochtain do dhaoine de a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ó thaobh na réimsí sin de; agus
(b)
gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí 12 mhí tar éis ghlacadh na gcaighdeán ábhartha, Iarscríbhinn II a leasú trí na tagairtí do na caighdeáin dá dtagraítear sna sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a thabhairt cothrom le dáta.
|
|
Airteagal 21 4.
|
I gcás ina bhfuil feidhm le bheith ag gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 i leith na mbonneagar atá ann cheana, beidh na gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar anailís costais is tairbhe a bheidh le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle in éineacht leis na gníomhartha tarmligthe sin.
|
|
Airteagal 21 5.
|
I gcás ina bhforbraítear caighdeáin Eorpacha lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla breosla tar éis don Choimisiún gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 19(4), an dara fomhír, a ghlacadh, agus go bhfuil forálacha san áireamh leo lena gceanglaítear lipéadú chun léiriú a thabhairt ar chomhlíonadh leis na caighdeáin lena mbaineann agus go dtagraítear iontu do léiriú grafach, lena n-áirítear scéimeanna dathchódaithe, áireofar sna leasuithe ar Iarscríbhinn II arna nglacadh leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo léiriú ar cé na caighdeáin nó ar cé na gníomhartha cur chun feidhme sin a mbeidh feidhm acu agus, i gcás inarb iomchuí, a dhéanfaidh na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha a aisghairm.
|
|
Airteagal 21 6.
|
Áireofar sna leasuithe ar Iarscríbhinn II arna nglacadh leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 idirthréimhsí réasúnta maidir le haon sonraíochtaí teicniúla a thugtar isteach nó a leasaítear leis na gníomhartha tarmligthe sin, agus ní bheidh siad ceangailteach i leith an bhonneagair lena mbaineann.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|