7. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na critéir mhionsonraithe inghlacthachta a bhunú, lena n-áirítear teorainneacha córais agus ceanglais deimhniúcháin a shainiú, ar critéir iad a mheasfar a bheith ag comhlíonadh na gceanglas ginearálta maidir le teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear na nuashonruithe a dhéanfar uirthi amach anseo.
Maidir le liosta na dteicneolaíochtaí atá ann cheana dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III, glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin faoin 30 Meitheamh 2024, i gcás inarb infheidhme. I gcás aon teicneolaíochtaí nua, glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin, i gcás ina mbeidh teicneolaíochtaí eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn III ar fáil, gan moill mhíchuí.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).