10. Ón 1 Eanáir 2035, i gcalafoirt a thagann faoi cheanglais Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/1804, ní fhéadfar na heisceachtaí dá bhforáiltear i mír 5, pointí (d), (e) agus (f) a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le líon uasta cuairteanna ar chalafort arb ionann é agus 10 % de líon iomlán cuairteanna ar chalafort loinge a tharla le linn tréimhse tuairiscithe, arna slánú suas go dtí an tslánuimhir is gaire, i gcás inarb ábhartha, nó go dtí uasmhéid de 10 gcuairt ar chalafoirt le linn na tréimhse tuairiscithe ábhartha, cibé acu is ísle.
Ní áireofar cuairt ar chalafort chun críoch comhlíontachta leis an bhforáil seo i gcás ina léiríonn an chuideachta, ar bhonn an mhalartaithe faisnéise dá bhforáiltear i mír 8, nárbh fhéidir léi a fhios a bheith aici go réasúnach nach mbeadh an long in ann nascadh le OPS ar aon cheann de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 5, pointí (d), (e) nó (f).