11. Féadfaidh Ballstát a chinneadh, i gcalafort nó i gcodanna áirithe de chalafort atá faoina dhlínse, go bhfuil longa coimeádán nó longa paisinéirí atá ar ancaire cumhdaithe ag na hoibleagáidí céanna a leagtar amach sa Rialachán seo agus is infheidhme maidir le longa atá ar múráil le cé. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoin gcinneadh uaidh maidir leis an gceanglas sin a fhorchur bliain sula gcuirfear i bhfeidhm é. Ní mór feidhm a bheith ag cinneadh den sórt sin ó thús tréimhse tuairiscithe. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh sé liosta nuashonraithe de na calafoirt lena mbaineann ar fáil go poiblí. Beidh rochtain éasca ar an liosta sin.