3. Ar bhonn na nótaí seachadta umair breosla arna gcomhlánú i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, soláthróidh cuideachtaí sonraí cruinne, iomlána agus iontaofa maidir le déine astaíochtaí GCT agus saintréithe inbhuanaitheachta breoslaí atá le cur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a bheidh deimhnithe faoi scéim arna haithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 30(5) agus (6) de Threoir (AE) 2018/2001 nó, i gcás inarb infheidhme, forálacha ábhartha ghníomhartha dlí an Aontais maidir leis na margaí inmheánacha i ngás in-athnuaite agus nádúrtha agus sa hidrigin.