+Airteagal 10 Deimhniú breoslaí agus fachtóirí astaíochta
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
---+Airteagal 10 5
---+Airteagal 10 6
|
Airteagal 10 Deimhniú breoslaí agus fachtóirí astaíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. I gcás ina bhfuil bithbhreoslaí, bithghás, RFNBO agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/2001, le cur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
|
(a)
|
bithbhreoslaí agus bithghás nach gcomhlíonann na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT a leagtar amach in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 nó a tháirgtear ó bharra bia agus beatha, measfar go bhfuil na fachtóirí astaíochta céanna acu agus atá ag an gconair breosla iontaise is lú fabhar le haghaidh an chineáil sin breosla;
|
|
(b)
|
RFNBO agus breoslaí carbóin athchúrsáilte nach gcomhlíonann na tairseacha maidir le laghduithe ar astaíochtaí GCT a leagtar amach in Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2018/2001, measfar go bhfuil na fachtóirí astaíochta céanna acu agus atá ag an gconair breosla iontaise is lú fabhar le haghaidh an chineáil sin breoslaí.
|
|
|
Airteagal 10 2
|
2. Measfar go bhfuil na fachtóirí astaíochta céanna ag breoslaí nach gcumhdaítear i mír 1 agus atá ag an gconair is lú fabhar do bhreosla iontaise don chineál breosla atá i gceist, ach amháin má deimhníodh iad i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais maidir leis na margaí inmheánacha i ngás in-athnuaite agus nádúrtha agus i hidrigin, lena mbunaítear tairseach maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT agus modheolaíocht ghaolmhar chun astaíochtaí GCT ó tháirgeadh na mbreoslaí sin a ríomh.
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Ar bhonn na nótaí seachadta umair breosla arna gcomhlánú i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, soláthróidh cuideachtaí sonraí cruinne, iomlána agus iontaofa maidir le déine astaíochtaí GCT agus saintréithe inbhuanaitheachta breoslaí atá le cur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a bheidh deimhnithe faoi scéim arna haithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 30(5) agus (6) de Threoir (AE) 2018/2001 nó, i gcás inarb infheidhme, forálacha ábhartha ghníomhartha dlí an Aontais maidir leis na margaí inmheánacha i ngás in-athnuaite agus nádúrtha agus sa hidrigin.
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Ní imeoidh cuideachtaí ó luachanna réamhshocraithe na bhfachtóirí astaíochtaí tobar go marbhshruth a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le breoslaí iontaise. Gan dochar do mhír 1, beidh cuideachtaí i dteideal imeacht ó luachanna réamhshocraithe na bhfachtóirí astaíochtaí tobar go marbhshruth a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo ar choinníoll go ndéantar na luachanna iarbhír a dheimhniú faoi scéim a aithníonn an Coimisiún. Déanfar an deimhniú sin le haghaidh bithbhreoslaí, bithgháis, RFNBO agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, i gcomhréir le hAirteagal 30(5) agus (6) de Threoir (AE) 2018/2001 nó, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha ábhartha ghníomhartha dlí an Aontais a bhaineann leis na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus nádúrtha agus i hidrigin.
|
|
Airteagal 10 5
|
5. Beidh cuideachtaí i dteideal imeacht ó luachanna réamhshocraithe na bhfachtóirí astaíochtaí umar-go-marbhshruth a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cé is moite d’fhachtóirí astaíochtaí CO2 umar-go-marbhshruth le haghaidh breoslaí iontaise, ar choinníoll go ndéantar luachanna iarbhír a dheimhniú trí thástáil saotharlainne nó tomhais ar astaíochtaí díreacha.
|
|
Airteagal 10 6
|
6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme d’fhonn a shonrú cé na caighdeáin idirnáisiúnta agus na tagairtí deimhniúcháin a nglactar leo chun fachtóirí astaíochtaí iarbhír umar-go-marbhshruth a léiriú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.09.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1805
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|