4. Ní imeoidh cuideachtaí ó luachanna réamhshocraithe na bhfachtóirí astaíochtaí tobar go marbhshruth a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le breoslaí iontaise. Gan dochar do mhír 1, beidh cuideachtaí i dteideal imeacht ó luachanna réamhshocraithe na bhfachtóirí astaíochtaí tobar go marbhshruth a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo ar choinníoll go ndéantar na luachanna iarbhír a dheimhniú faoi scéim a aithníonn an Coimisiún. Déanfar an deimhniú sin le haghaidh bithbhreoslaí, bithgháis, RFNBO agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, i gcomhréir le hAirteagal 30(5) agus (6) de Threoir (AE) 2018/2001 nó, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha ábhartha ghníomhartha dlí an Aontais a bhaineann leis na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus nádúrtha agus i hidrigin.