+Airteagal 12 Oibleagáidí ginearálta agus prionsabail ghinearálta do na fíoraitheoirí
---+Airteagal 12 1
---+Airteagal 12 2
---+Airteagal 12 3
|
Airteagal 12 Oibleagáidí ginearálta agus prionsabail ghinearálta do na fíoraitheoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1
|
1. Beidh an fíoraitheoir neamhspleách ar an gcuideachta nó ar an oibreoir loinge agus cuirfidh sé na gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoin Rialachán seo i gcrích chun leas an phobail. Chun na críche sin agus chun coinbhleachtaí leasa féideartha a sheachaint, ní cuideachta, oibreoir loinge ná úinéir cuideachta a bheidh san fhíoraitheoir ná in aon chuid d’eintiteas dlíthiúil ar cuid de é. Ina theannta sin, ní bheidh an fíoraitheoir faoi úinéireacht cuideachta, oibreora loinge ná úinéra cuideachta ná ní bheidh caidreamh aige le cuideachta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhspleáchas agus dá neamhchlaontacht.
|
|
Airteagal 12 2
|
2. Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar iontaofacht, inchreidteacht, cruinneas, agus iomláine na sonraí agus na faisnéise a bhaineann leis an méid fuinnimh, an cineál fuinnimh agus fachtóir astaíochta an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord, go háirithe na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
tomhaltas breosla agus úsáid foinsí ionadacha fuinnimh a chur i leith muiraistear agus le beart;
|
|
(b)
|
na sonraí tuairiscithe maidir le tomhaltas breosla agus na tomhais agus na ríomhanna gaolmhara;
|
|
(c)
|
rogha agus cur i bhfeidhm fachtóirí astaíochta;
|
|
(d)
|
úsáid OPS nó cur i bhfeidhm aon cheann de na heisceachtaí arna dtaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU i gcomhréir le hAirteagal 6(9), pointe (a);
|
|
(e)
|
na sonraí nach mór a thabhairt faoi Airteagal 10(3).
|
|
|
Airteagal 12 3
|
3. Bunófar an measúnú dá dtagraítear i mír 2 ar na breithnithe seo a leanas:
|
(a)
|
cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí tuairiscithe comhleanúnach i ndáil leis na sonraí measta atá bunaithe ar shonraí rianaithe long agus saintréithe long mar shampla, cumhacht an innill shuiteáilte;
|
|
(b)
|
cé acu atá nó nach bhfuil aon neamhréireacht sna sonraí tuairiscithe, go háirithe nuair a bhíonn toirt iomlán an bhreosla a cheannaíonn gach long go bliantúil á cur i gcomparáid leis an tomhaltas comhiomlán breosla le linn muiraistear;
|
|
(c)
|
ar bailíodh na sonraí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme; agus
|
|
(d)
|
cé acu atá nó nach bhfuil taifid ábhartha na loinge iomlán agus comhsheasmhach.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.09.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1805
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|