1. Tráth ar bith, féadfaidh údarás inniúil an Stáit riaracháin, i gcás cuideachta agus i gcomhair aon cheann dá longa, seiceálacha breise a dhéanamh, i ndáil leis an dá thréimhse thuairiscithe roimhe sin, ar aon cheann díobh seo a leanas:
|
(a)
|
an tuarascáil FuelEU a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán seo arna bunú i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 16;
|
|
(b)
|
an tuarascáil fíorúcháin arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 16;
|
|
(c)
|
na ríomhanna arna ndéanamh ag an bhfíoraitheoir i gcomhréir le hAirteagal 16(4).
|