5. Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 doiciméad comhlíontachta FuelEU de chuid loinge a bhaint gan mhoill ó bhunachar sonraí FuelEU, ar long í nár íoc a cuideachta in am trátha na pionóis FuelEU dá dtagraítear i mír 4 agus cuirfidh sé an bhaint sin in iúl don chuideachta lena mbaineann in am trátha. Ní eiseoidh sé an doiciméad ábhartha FuelEU arís go dtí go n-íocfar suim atá comhionann leis an bpionós FuelEU, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an chuideachta na coinníollacha eile a leagtar amach sa Rialachán seo maidir leis an doiciméad comhlíontachta FuelEU a shealbhú.