1. Ar bhonn na ríomhanna arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16(4), i gcás ina bhfuil barrachas comhlíontachta ag an long, don tréimhse tuairiscithe, maidir leis an déine GCT atá aici agus dá dtagraítear in Airteagal 4(2) nó, más infheidhme, maidir le fosprioc RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3), féadfaidh an chuideachta é a bhancáil in iarmhéid comhlíontachta na loinge céanna le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile. Déanfaidh an chuideachta taifead ar bhancáil an bharrachais comhlíontachta le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile i mbunachar sonraí FuelEU, faoi réir a formheasta ag a fíoraitheoir. Ní fhéadfaidh an chuideachta an barrachas comhlíontachta a bhancáil a thuilleadh ón uair a eisítear doiciméad comhlíontachta FuelEU.