+Airteagal 20 Baincéireacht agus iasachtú barrachais comhlíontachta idir tréimhsí tuairiscithe
---+Airteagal 20 1
---+Airteagal 20 2
---+Airteagal 20 3
---+Airteagal 20 4
|
Airteagal 20 Baincéireacht agus iasachtú barrachais comhlíontachta idir tréimhsí tuairiscithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1
|
1. Ar bhonn na ríomhanna arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16(4), i gcás ina bhfuil barrachas comhlíontachta ag an long, don tréimhse tuairiscithe, maidir leis an déine GCT atá aici agus dá dtagraítear in Airteagal 4(2) nó, más infheidhme, maidir le fosprioc RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3), féadfaidh an chuideachta é a bhancáil in iarmhéid comhlíontachta na loinge céanna le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile. Déanfaidh an chuideachta taifead ar bhancáil an bharrachais comhlíontachta le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile i mbunachar sonraí FuelEU, faoi réir a formheasta ag a fíoraitheoir. Ní fhéadfaidh an chuideachta an barrachas comhlíontachta a bhancáil a thuilleadh ón uair a eisítear doiciméad comhlíontachta FuelEU.
|
|
Airteagal 20 2
|
2. Ar bhonn na ríomhanna a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 16(4), i gcás ina bhfuil easnamh comhlíontachta ag an long, le haghaidh na tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an chuideachta réamhbharrachas comhlíontachta den mhéid comhfhreagrach a fháil ar iasacht ón gcéad tréimhse tuairiscithe eile. Cuirfear an réamhbharrachas comhlíontachta le hiarmhéid comhlíontachta na loinge le haghaidh na tréimhse tuairiscithe agus dealófar an réamhbharrachas comhlíontachta iolraithe faoi 1,1 ó iarmhéid comhlíontachta na loinge céanna sa chéad tréimhse tuairiscithe eile. Ní fhéadfar an réamhbharrachas comhlíontachta a fháil ar iasacht sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
le haghaidh méid atá níos mó ná 2 % os cionn na teorann a leagtar amach in Airteagal 4(2), arna iolrú faoi thomhaltas fuinnimh na loinge arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn I;
|
|
(b)
|
le haghaidh dhá thréimhse tuairiscithe i ndiaidh a chéile.
|
|
|
Airteagal 20 3
|
3. Faoin 30 Aibreán den tréimhse fíorúcháin, déanfaidh an chuideachta taifead i mbunachar sonraí FuelEU ar an réamhbharrachas comhlíontachta, tar éis don fhíoraitheoir é a fhormheas.
|
|
Airteagal 20 4
|
4. I gcás nach mbeidh aon chuairt ar chalafort san Aontas ag long le linn na tréimhse tuairiscithe agus i gcás ina mbeidh réamhbharrachas comhlíontachta faighte ar iasacht aici sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, tabharfaidh údarás inniúil an Stáit riaracháin fógra don chuideachta lena mbaineann faoin 1 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin maidir le méid an phionóis FuelEU dá dtagraítear in Airteagal 23(2) a sheachain sí ar dtús tríd an réamhbharrachas comhlíontachta sin a fháil ar iasacht, iolraithe faoi 1,1.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.09.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1805
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|