1. Maidir le hiarmhéideanna comhlíontachta, do dhéine GCT dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus, más infheidhme, fosprioc RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3), de chuid dhá long nó níos mó, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16(4), féadfar iad a chomhthiomsú chun críocha na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 4 agus, más infheidhme, in Airteagal 5(3). Ní fhéadfar iarmhéid comhlíontachta loinge a chur ar áireamh i níos mó ná aon chomhthiomsú amháin sa tréimhse tuairiscithe chéanna.
Féadfar dhá chomhthiomsú ar leith a úsáid le haghaidh na sprice déine GCT agus le haghaidh na forsprice do RFNBO.