3. I gcás ina bhfuil na longa atá rannpháirteach sa chomhthiomsú á rialú ag dhá chuideachta nó níos mó, déanfaidh gach cuideachta lena mbaineann sa chomhthiomsú, i mbunachar sonraí FuelEU, sonraí an chomhthiomsaithe arna gclárú i mbunachar sonraí FuelEU a bhailíochtú, lena n-áirítear leithdháileadh iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe ar longa an chomhthiomsaithe agus rogha an fhíoraitheora a roghnófar chun leithdháileadh iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe ar gach long ar leith a fhíorú.