8. Leanfaidh an chuideachta de bheith freagrach as na pionóis FuelEU a íoc, gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gcuideachta comhaontuithe conarthacha a thabhairt i gcrích le hoibreoirí tráchtála na loinge lena bhforáiltear do dhliteanas na n-oibreoirí tráchtála sin an íocaíocht as na pionóis FuelEU a aisíoc leis an gcuideachta, nuair a ghlacann an t-oibreoir tráchtála sin an fhreagracht as an mbreosla a cheannach nó as an long a oibriú. Chun críocha na míre seo, ciallaíonn oibriú na loinge an lastas atá á iompar, an bealach taistil, agus luas na loinge a chinneadh.