+Airteagal 23 Pionóis FuelEU
---+Airteagal 23 1
---+Airteagal 23 2
---+Airteagal 23 3
---+Airteagal 23 4
---+Airteagal 23 5
---+Airteagal 23 6
---+Airteagal 23 7
---+Airteagal 23 8
---+Airteagal 23 9
---+Airteagal 23 10
---+Airteagal 23 11
|
Airteagal 23 Pionóis FuelEU
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1
|
1. Roimh an 1 Bealtaine den tréimhse fíorúcháin, ar bhonn na ríomhanna arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(4) agus tar éis chur i bhfeidhm féideartha Airteagail 20 agus 21, déanfaidh an fíoraitheoir iarmhéideanna comhlíontachta fíoraithe na loinge le haghaidh déine GCT dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a thaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU agus, más infheidhme, le haghaidh na forsprice do RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3).
Má tá easnamh comhlíontachta ag long le haghaidh na fosprice do RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3), déanfar pionós FuelEU a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 23 2
|
2. Áiritheoidh an Stát riaracháin i leith cuideachta, maidir le haon long dá cuid an 1 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin a bhfuil easnamh comhlíontachta le haghaidh déine GCT dá dtagraítear in Airteagal 4(2) nó, más infheidhme, le haghaidh na forsprice do RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3), go n-íocfaidh an chuideachta faoin 30 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin, tar éis dá húdarás inniúla bailíochtú féideartha a dhéanamh, méid atá comhionann leis an bpionós FuelEU a eascraíonn as cur i bhfeidhm na bhfoirmlí a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IV. Má tá easnamh comhlíontachta ag long 2 thréimhse tuairiscithe as a chéile nó níos mó, déanfar an méid sin a iolrú faoi 1 + (n -1)/10, i gcás inarb é n líon na dtréimhsí tuairiscithe as a chéile ar ina leith atá an chuideachta faoi réir pionós FuelEU i leith na loinge sin.
|
|
Airteagal 23 3
|
3. Áiritheoidh an Stát riaracháin i leith cuideachta, i gcás aon long dá cuid atá sa chás dá dtagraítear in Airteagal 20(4), go n-íocann an chuideachta, faoin 30 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin, méid atá comhionann leis an bpionós FuelEU ar tugadh fógra faoi de bhun an Airteagail sin.
|
|
Airteagal 23 4
|
4. Roimh an 1 Bealtaine den tréimhse fíorúcháin, i gcás inarb infheidhme ar bhonn na ríomhanna arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16(4), déanfaidh an fíoraitheoir taifead i mbunachar sonraí FuelEU ar líon iomlán na n-uaireanta a chaith an long ar múraíl le taobh cé ar neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 6.
|
|
Airteagal 23 5
|
5. Áiritheoidh an Stát riaracháin i leith cuideachta, i gcás aon long dá cuid a thug cuairt neamhchomhlíontach amháin ar laghad ar chalafort, go n-íocfaidh an chuideachta faoin 30 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin méid atá comhionann leis an bpionós FuelEU a eascraíonn as EUR 1.5 a iolrú faoi éileamh iomlán na loinge atá i mbeart ar chumhacht leictreach agus líon iomlán uaireanta an chloig, slánaithe suas go dtí slán-uair an chloig is gaire, a chaith an long i mbeart ar neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 6.
|
|
Airteagal 23 6
|
6. Beidh an creat dlíthiúil agus riaracháin is gá i bhfeidhm ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a bhaineann leis na pionóis FuelEU a fhorchur, a íoc agus a bhailiú.
|
|
Airteagal 23 7
|
7. Na gníomhaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo mar aon leis an gcruthúnas ar íocaíochtaí as pionóis FuelEU, déanfaidh na heintitis a rinne na gníomhaíochtaí sin nó a rinne an íocaíocht sin iad a thaifeadadh gan mhoill i mbunachar sonraí FuelEU.
|
|
Airteagal 23 8
|
8. Leanfaidh an chuideachta de bheith freagrach as na pionóis FuelEU a íoc, gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gcuideachta comhaontuithe conarthacha a thabhairt i gcrích le hoibreoirí tráchtála na loinge lena bhforáiltear do dhliteanas na n-oibreoirí tráchtála sin an íocaíocht as na pionóis FuelEU a aisíoc leis an gcuideachta, nuair a ghlacann an t-oibreoir tráchtála sin an fhreagracht as an mbreosla a cheannach nó as an long a oibriú. Chun críocha na míre seo, ciallaíonn oibriú na loinge an lastas atá á iompar, an bealach taistil, agus luas na loinge a chinneadh.
|
|
Airteagal 23 9
|
9. Leanfaidh an chuideachta de bheith freagrach as na pionóis FuelEU a íoc, gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gcuideachta comhaontuithe conarthacha a thabhairt i gcrích le soláthróirí breosla lena bhforáiltear do dhliteanas na soláthróirí breosla íocaíocht as na pionóis FuelEU a aisíoc leis an gcuideachta.
|
|
Airteagal 23 10
|
10. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun Iarscríbhinn IV a leasú chun an fachtóir a shonraítear i gcill 7, agus i gcás inarbh infheidhme, cill 14 den tábla i gCuid B den Iarscríbhinn sin agus a úsáidtear san fhoirmle dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a oiriúnú, bunaithe ar na forbairtí ar chostas fuinnimh, agus chun an fachtóir iolrúcháin a leagtar síos i mír 5 den Airteagal seo a leasú, bunaithe ar innéacsú an mheánchostais leictreachais san Aontas.
|
|
Airteagal 23 11
|
11. Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go n-úsáidfear an t-ioncam a ghintear ó na pionóis FuelEU, nó a choibhéis i luach airgeadais, chun tacú le mear-imscaradh agus úsáid na mbreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin san earnáil mhuirí, trí spreagadh a thabhairt chun cainníochtaí níos mó breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a tháirgeadh don earnáil mhuirí, trí thógáil saoráidí iomchuí buncaeireachta nó bhonneagar OPS i gcalafoirt a éascú, agus trí thacú le forbairt, tástáil agus imscaradh na dteicneolaíochtaí is nuálaí sa chabhlach chun laghduithe suntasacha astaíochtaí a bhaint amach.
Faoin 30 Meitheamh 2030, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit ar fáil go poiblí tuarascáil maidir le húsáid an ioncaim a ghintear ó na pionóis FuelEU thar an tréimhse 5 bliana roimh an mbliain ina n-eisítear an tuarascáil sin, lena n-áirítear faisnéis faoi na tairbhithe agus leibhéal an chaiteachais a bhaineann leis na cuspóirí a liostaítear sa chéad fhomhír.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.09.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1805
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|