+Airteagal 4 Sciar den bhreosla eitlíochta inbhuanaithe atá ar fáil ag aerfoirt de chuid an Aontais
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.
|
Airteagal 4 Sciar den bhreosla eitlíochta inbhuanaithe atá ar fáil ag aerfoirt de chuid an Aontais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Faoi réir Airteagal 15, áiritheoidh soláthróirí breosla eitlíochta go mbeidh sciar íosta bhreosla eitlíochta inbhuanaithe sa bhreosla eitlíochta uile a chuirtear ar fáil d’oibreoirí aerárthaí ag gach aerfort de chuid an Aontais, lena n-áirítear an sciar íosta de bhreosla eitlíochta sintéiseach i gcomhréir leis na luachanna agus na dátaí cur i bhfeidhm a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Gan dochar do na sciartha íosta sin, áiritheoidh soláthróirí breosla eitlíochta freisin go mbeidh ar a laghad na meánscaireanna de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha a chuirfear ar fáil d’oibreoirí aerárthaí ag gach aerfort de chuid an Aontais thar na tréimhsí ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2031 agus ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034, i gcomhréir leis na luachanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Measfar an oibleagáid sin a bheith comhlíonta freisin i gcás ina mbaintear amach na scaireanna íosta a luaitear sa chéad fhomhír trí úsáid a bhaint as na nithe seo a leanas:
(a)
hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta;
(b)
breoslaí eitlíochta ísealcharbóin.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Chun na sciartha íosta in Iarscríbhinn I a ríomh, nuair a chuirfear hidrigin le haghaidh eitlíochta ar fáil d’oibreoirí aerárthaí ag aerfort de chuid an Aontais:
▼C1
(a)
is iad na luachanna maidir le luach fuinnimh na mbreoslaí ábhartha uile na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 27(2), pointí (g) agus (h) de Threoir (AE) 2018/2001, agus Iarscríbhinn III a ghabhann léi, nó caighdeáin eitlíochta idirnáisiúnta ábhartha maidir le breoslaí nach n-áirítear san Iarscríbhinn sin; agus
▼B
(b)
déanfar
►C2
luach fuinnimh ◄ hidrigine don eitlíocht a sholáthrófar a chur san áireamh san uimhreoir agus san ainmneoir araon.
|
|
Airteagal 4 3.
|
I gcás ina mbaineann soláthróir breosla eitlíochta úsáid as an bhféidearthacht a leagtar síos sa dara fomhír de mhír 1 nó i gcás ina ndéanann oibreoir aerárthaí na breoslaí dá dtagraítear san fhomhír sin a ardú, déanfar tagairtí do bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe in Airteagal 3, pointí (10), (11) agus (27), Airteagail 8, 9 agus 10, Airteagal 12(6) agus (7), Airteagal 13(1), pointí (a), (b) agus (g), Airteagal 14, Airteagal 15(1) agus Iarscríbhinn II a fhorléiriú mar thagairtí freisin do bhreoslaí eitlíochta ísealcharbóin agus do hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta.
|
|
Airteagal 4 4.
|
I gcás gach tréimhse tuairiscithe, beidh bithbhreoslaí eitlíochta seachas bithbhreoslaí ardfhorbartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (34), de Threoir (AE) 2018/2001 agus seachas bithbhreoslaí a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir sin, agus a sholáthraíonn gach soláthróir breosla eitlíochta thar aerfoirt de chuid an Aontais, cothrom le huasmhéid 3 % de bhreoslaí eitlíochta arna soláthar chun na sciartha íosta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 4 5.
|
Déanfar breosla eitlíochta inbhuanaithe a tháirgtear ó na bunábhair seo a leanas a eisiamh ó ríomh na sciartha íosta de breosla eitlíochta inbhuanaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo: ‘barra bia agus beatha’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (40), de Threoir (AE) 2018/2001, barra idirmheánacha, driogáit aigéid shailligh pailme agus ábhair a dhíorthaítear ó phailme agus ó shoighe, agus stoc gallúnach agus a dhíorthaigh. Ní bheidh feidhm ag an eisiamh sin, áfach, maidir le haon bhunábhar a áirítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
|
|
Airteagal 4 6.
|
Féadfaidh soláthróirí breosla eitlíochta a léiriú go bhfuil an oibleagáid atá i mír 1 den Airteagal seo á comhlíonadh acu trí úsáid a bhaint as an gcóras cothromúcháin maise dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001.
|
|
Airteagal 4 7.
|
Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 12(4) agus (5), i gcás ina mainneoidh soláthróir breosla eitlíochta na sciartha íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a sholáthar le haghaidh tréimhse tuairiscithe áirithe, déanfaidh sé an t-easnamh sin a chomhlánú, ar a laghad, sa tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin. Go heisceachtúil, i gcás ina mainneoidh soláthróir breosla eitlíochta meánscaireanna an bhreosla eitlíochta shintéisigh a sholáthar thar an tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an31 Nollaig 2031, comhlánóidh sé an t-easnamh sin ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034, agus i gcás ina mainneoidh soláthróir breosla eitlíochta meánscaireanna an bhreosla eitlíochta shintéisigh a sholáthar thar an tréimhse ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034, comhlánóidh sé an t-easnamh sin sa tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin ar a laghad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 31.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|