+Airteagal 6 Oibleagáidí ar chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais chun rochtain ar bhreosla eitlíochta inbhuanaithe a éascú
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
|
Airteagal 6 Oibleagáidí ar chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais chun rochtain ar bhreosla eitlíochta inbhuanaithe a éascú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Déanfaidh comhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais na bearta uile is gá chun rochtain a éascú d’oibreoirí aerárthaí ar bhreoslaí eitlíochta ina bhfuil sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 6 2.
|
I gcás ina dtuairisceoidh oibreoirí aerárthaí don údarás inniúil nó do na húdaráis inniúla deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar bhreoslaí eitlíochta ag aerfort áirithe de chuid an Aontais ina bhfuil sciartha íosta breoslaí eitlíochta inbhuanaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, iarrfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla ar chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais an fhaisnéis is gá a sholáthar chun comhlíonadh mhír 1 a chruthú. Déanfaidh comhlacht bainistíochta aerfort de chuid an Aontais lena mbaineann an fhaisnéis a sholáthar don údarás inniúil gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 6 3.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla measúnú ar an bhfaisnéis uile a fhaightear i gcomhréir le mír 2. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla go gcomhlíonann comhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais a oibleagáidí faoi mhír 1, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht. I gcásanna neamhchomhlíonta, iarrfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla ar chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais na bearta is gá a shainaithint agus a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an easpa rochtana leordhóthanaí atá ag oibreoirí aerárthaí ar bhreoslaí eitlíochta ina bhfuil sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe gan moill mhíchuí, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis iarraidh a fháil ón údarás inniúil de bhun mhír 2.
|
|
Airteagal 6 4.
|
Chun críche mhír 2 agus mhír 3, i gcás inarb iomchuí, soláthróidh soláthróirí breosla eitlíochta, láimhseálaithe breosla, oibreoirí aerárthaí agus aon pháirtí eile lena mbaineann na deacrachtaí a thuairiscítear, an fhaisnéis uile is gá, arna iarraidh sin agus gan moill mhíchuí, do chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais agus comhoibreoidh siad le comhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais chun na bearta is gá a shainaithint agus a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a thuairiscítear.
|
|
Airteagal 6 5.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha uile dá bhforáiltear faoi mhír 2 agus faoi mhír 3 den Airteagal seo a tharchur gan moill mhíchuí chuig an nGníomhaireacht ionas go mbeidh sí in ann an tuarascáil theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 13 a tharraingt suas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 31.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|