+Airteagal 8 Oibleagáidí tuairiscithe atá ar oibreoirí aerárthaí
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.

Airteagal 8 Oibleagáidí tuairiscithe atá ar oibreoirí aerárthaí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.

Faoin 31 Márta gach bliain tuairiscithe, agus den chéad uair in 2025, tuairisceoidh oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis seo a leanas maidir le tréimhse tuairiscithe áirithe do na húdaráis inniúla agus don Ghníomhaireacht:

(a) 

méid iomlán an bhreosla eitlíochta a cuireadh ar bord ag gach aerfort de chuid an Aontais, arna shloinneadh i dtonaí;

(b) 

an breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth, de réir an aerfoirt de chuid an Aontais, arna shloinneadh i dtonaí;

(c) 

an chainníocht bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord, in aghaidh an aerfoirt de chuid an Aontais, atá le tuairisciú mar 0 (nialas) má tá an chainníocht bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord diúltach nó má tá sí níos ísle ná, nó cothrom le, 10 % den bhreosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth;

(d) 

an chainníocht bhliantúil a tugadh ar bord, in aghaidh an aerfoirt de chuid an Aontais ar chúiseanna a bhaineann le comhlíonadh na rialacha is infheidhme maidir le sábháilteacht breosla de bhun Airteagal 5(2), arna sloinneadh i dtonaí;

(e) 

méid iomlán an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna cheannach ó sholáthróirí breosla eitlíochta, chun a n-eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a imíonn as aerfoirt de chuid an Aontais a oibriú, arna shloinneadh i dtonaí.

(f) 

i gcás gach ceannacháin breosla eitlíochta inbhuanaithe, ainm an tsoláthróra breosla eitlíochta, an méid a ceannaíodh arna shloinneadh i dtonaí, an próiseas tiontaithe, saintréithe agus tionscnamh an bhunábhair a úsáidtear le haghaidh táirgthe, agus astaíochtaí saolré an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe, agus, i gcás ina n-áirítear i gceannach amháin cineálacha éagsúla breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a bhfuil saintréithe éagsúla acu, ag soláthar na faisnéise sin do gach cineál breosla eitlíochta inbhuanaithe;

(g) 

líon iomlán na n-eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais, arna sloinneadh i líon na n-eitiltí agus in uaireanta eitilte.

Airteagal 8 2.
Déanfar an tuarascáil a chur i láthair i gcomhréir leis na teimpléid a leagtar síos in Iarscríbhinn II.
Airteagal 8 3.
Déanfar an tuarascáil a fhíorú ag fíoraitheoir neamhspleách i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 14 agus 15 de Threoir 2003/87/CE, agus sna gníomhartha cur chun feidhme a glacadh ar a mbonn.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2405
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.