|
+Airteagal 8 1. |
Airteagal 8 1.Faoin 31 Márta gach bliain tuairiscithe, agus den chéad uair in 2025, tuairisceoidh oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis seo a leanas maidir le tréimhse tuairiscithe áirithe do na húdaráis inniúla agus don Ghníomhaireacht:
(a)
méid iomlán an bhreosla eitlíochta a cuireadh ar bord ag gach aerfort de chuid an Aontais, arna shloinneadh i dtonaí;
(b)
an breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth, de réir an aerfoirt de chuid an Aontais, arna shloinneadh i dtonaí;
(c)
an chainníocht bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord, in aghaidh an aerfoirt de chuid an Aontais, atá le tuairisciú mar 0 (nialas) má tá an chainníocht bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord diúltach nó má tá sí níos ísle ná, nó cothrom le, 10 % den bhreosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth;
(d)
an chainníocht bhliantúil a tugadh ar bord, in aghaidh an aerfoirt de chuid an Aontais ar chúiseanna a bhaineann le comhlíonadh na rialacha is infheidhme maidir le sábháilteacht breosla de bhun Airteagal 5(2), arna sloinneadh i dtonaí;
(e)
méid iomlán an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna cheannach ó sholáthróirí breosla eitlíochta, chun a n-eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a imíonn as aerfoirt de chuid an Aontais a oibriú, arna shloinneadh i dtonaí.
(f)
i gcás gach ceannacháin breosla eitlíochta inbhuanaithe, ainm an tsoláthróra breosla eitlíochta, an méid a ceannaíodh arna shloinneadh i dtonaí, an próiseas tiontaithe, saintréithe agus tionscnamh an bhunábhair a úsáidtear le haghaidh táirgthe, agus astaíochtaí saolré an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe, agus, i gcás ina n-áirítear i gceannach amháin cineálacha éagsúla breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a bhfuil saintréithe éagsúla acu, ag soláthar na faisnéise sin do gach cineál breosla eitlíochta inbhuanaithe;
(g)
líon iomlán na n-eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais, arna sloinneadh i líon na n-eitiltí agus in uaireanta eitilte. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|