+Airteagal 11 Údarás inniúil
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 8.

Airteagal 11 Údarás inniúil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.
Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as cur chun feidhme an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú agus as na fíneálacha a fhorchur ar oibreoirí aerárthaí, ar chomhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais agus ar sholáthróirí breosla eitlíochta. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi chéannacht an údaráis inniúil nó na n-údarás inniúil atá ainmnithe acu.
Airteagal 11 2.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla a gcúraimí formhaoirseachta agus forfheidhmithe go neamhchlaonta agus go trédhearcach, agus ar bhealach a bheidh neamhspleách ar oibreoirí aerárthaí, ar sholáthróirí breosla eitlíochta agus ar chomhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní agus na cumais riachtanacha ag na húdaráis inniúla chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo a chomhall go héifeachtúil agus go pras.
Airteagal 11 3.
Comhoibreoidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát le chéile agus roinnfidh siad an fhaisnéis ábhartha uile chun cur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.
Airteagal 11 4.
Seolfaidh an Ghníomhaireacht chuig na húdaráis inniúla sonraí a chomhiomlánaítear le haghaidh na n-oibreoirí aerárthaí, aerfoirt de chuid an Aontais agus comhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais faoi seach agus soláthróirí breosla eitlíochta a bhfuil na húdaráis inniúil sin ina leith de bhun mhíreanna 5, 6 agus 7.
Airteagal 11 5.
Cinnfear an Ballstát freagrach, a bhfuil a údarás inniúil nó a údaráis inniúla, arna ainmniú nó arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, freagrach as oibreoir aerárthaí áirithe, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 748/2009 ón gCoimisiún ( 6 ). Maidir le hoibreoirí aerárthaí nach bhfuil sannta do Bhallstát sa Rialachán sin, cinnfear an Ballstát atá freagrach de bhun na rialacha a leagtar síos in Airteagal 18a de Threoir 2003/87/CE. Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit sa phróiseas sannta. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún cúnamh Eurocontrol a iarraidh agus féadfaidh sé aon chomhaontú iomchuí chuige sin a thabhairt i gcrích le Eurocontrol.
Airteagal 11 6.
Cinnfear an Ballstát freagrach, a bhfuil a údarás inniúil nó a údaráis inniúla, arna ainmniú nó arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1, freagrach as comhlacht bainistíochta aerfoirt áirithe de chuid an Aontais, ar bhonn dhlínse chríochach faoi seach aerfort an Aontais.
Airteagal 11 7.
An Ballstát freagrach, a bhfuil a údarás inniúil nó a údaráis inniúla, arna ainmniú nó arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1, freagrach as soláthróir breosla eitlíochta áirithe, is é sin an Ballstát ina mbeidh príomháit ghnó an tsoláthróra breosla eitlíochta.
Airteagal 11 8.
I gcás soláthróirí breosla eitlíochta nach bhfuil príomháit ghnó acu i mBallstát, is é an Ballstát freagrach an Ballstát inar sholáthair an soláthróir breosla eitlíochta an chuid ba mhó breosla eitlíochta in 2023 nó sa chéad bhliain dó ag soláthar breosla eitlíochta i margadh an Aontais, cibé acu is déanaí.

Féadfaidh soláthróir breosla eitlíochta den sórt sin iarraidh réasúnaithe a thíolacadh dá údarás inniúil go n-athshannfaí do Bhallstát eile é, i gcás inar sholáthair sé an chuid ba mhó dá bhreosla eitlíochta sa Bhallstát sin thar an dá bhliain roimh an iarraidh. Déanfar an cinneadh maidir le hathshannadh laistigh de 6 mhí tar éis na hiarrata ón soláthróir breosla eitlíochta, beidh sé faoi réir comhaontaithe ó údaráis inniúla an Bhallstáit athshannta agus déanfar é a tharchur gan moill mhíchuí chuig an nGníomhaireacht agus chuig an gCoimisiún. Beidh feidhm aige ó thús na tréimhse tuairiscithe tar éis an dáta a nglacfar an cinneadh sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2405
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.