|
+Airteagal 12 8. |
Airteagal 12 8.Maidir le haon soláthróir breosla eitlíochta a chnuasaigh easnamh ón oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis na sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe nó de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha i dtréimhse tuairiscithe áirithe, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh an soláthróir sin cainníocht den bhreosla sin is comhionann leis an easnamh sin don mhargadh sa tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin, sa bhreis ar a oibleagáid tréimhse tuairiscithe. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh feidhm ag na rialacha a leanas maidir le breoslaí eitlíochta sintéiseacha a bhaineann leis na tréimhsí ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2031 agus ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034:
(a)
aon soláthróir breosla eitlíochta a chnuasaigh easnamh ón oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis na meánsciartha de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha sa tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2031, soláthróidh an soláthróir sin don mhargadh roimh dheireadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034 cainníocht de bhreosla eitlíochta sintéiseach is comhionann leis an easnamh sin, sa bhreis ar oibleagáidí na tréimhse sin; agus
(b)
maidir le haon soláthróir breosla eitlíochta a chnuasaigh easnamh ón oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis na meánsciartha de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha inbhuanaithe ón tréimhse an 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034, soláthróidh an soláthróir sin cainníocht den bhreosla eitlíochta sintéiseach is comhionann leis an easnamh sin don mhargadh sa tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin, sa bhreis ar a oibleagáid tréimhse tuairiscithe. Má chomhlíontar na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo, ní scaoilfear an soláthróir breosla eitlíochta ón oibleagáid na fíneálacha a leagtar síos i míreanna 4 agus 5 a íoc; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|