+Airteagal 12 Forfheidhmiú
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 7.
---+Airteagal 12 8.
---+Airteagal 12 9.
---+Airteagal 12 10.
|
Airteagal 12 Forfheidhmiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena n-áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus cuirfidh siad san áireamh cineál, fad, atarlú agus tromchúis an tsáraithe go háirithe. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin faoin 31 Nollaig 2024 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
|
|
Airteagal 12 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon oibreoir aerárthaí a mhainneoidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5 a chomhlíonadh faoi dhliteanas maidir le fíneáil. Beidh an fhíneáil sin comhréireach agus athchomhairleach agus ní bheidh sí níos lú ná dhá oiread níos airde ná an toradh ar iolrú an mheánphraghais bhliantúil ar bhreosla eitlíochta in aghaidh an tona agus na cainníochta breosla iomláine bliantúla nár tugadh ar bord. Féadfar oibreoir aerárthaí a dhíolmhú ó fhíneáil más féidir leis an oibreoir aerárthaí a chruthú gur imthosca eisceachtúla agus neamh-intuartha, agus nach raibh smacht ag an oibreoir aerárthaí orthu, ba chúis le mainneachtain na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5 a chomhlíonadh, nach bhféadfaí a n-éifeachtaí a sheachaint, fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta.
|
|
Airteagal 12 3.
|
Maidir le haon chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais nach ndéanfaidh na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar easpa rochtana leordhóthanaí ag oibreoirí aerárthaí ar bhreoslaí eitlíochta ina bhfuil sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe de bhun Airteagal 6(3), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad faoi dhliteanas maidir le fíneáil.
|
|
Airteagal 12 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon soláthróir breosla eitlíochta a mhainneoidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis an sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chomhlíonadh faoi dhliteanas maidir le fíneáil. Beidh an fhíneáil sin comhréireach agus athchomhairleach agus ní bheidh sí níos lú ná dhá oiread níos airde ná an toradh ar iolrú na difríochta idir an meánphraghas bliantúil ar ghnáthbhreosla eitlíochta agus breosla eitlíochta inbhuanaithe in aghaidh an tona agus an chainníocht de bhreoslaí eitlíochta nach gcomhlíonann na sciartha íosta dá dtagraítear in Airteagal 4 agus Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 12 5.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon soláthróir breosla eitlíochta a mhainneoidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis na sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha agus, thar an tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2034, meánsciartha na mbreoslaí eitlíochta sintéiseacha faoi dhliteanas maidir le fíneáil. Beidh an fhíneáil sin comhréireach agus athchomhairleach agus ní bheidh sí níos lú ná dhá oiread níos airde ná an toradh ar iolrú na difríochta idir an meánphraghas bliantúil ar bhreosla eitlíochta sintéiseach agus gnáthbhreosla eitlíochta in aghaidh an tona agus an chainníocht de bhreoslaí eitlíochta nach gcomhlíonann na sciartha íosta dá dtagraítear in Airteagal 4 agus Iarscríbhinn I. Agus an fhíneáil a bhaineann le meánsciartha breoslaí eitlíochta sintéiseacha á mbunú acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh aon fhíneáil, a bhaineann le sciartha íosta na mbreoslaí eitlíochta sintéiseacha a bhfuil an soláthróir breosla eitlíochta faoi dhliteanas ina leith cheana féin i leith na tréimhse faoi seach dá dtagraítear sa mhír seo, chun pionós dúbailte a sheachaint.
|
|
Airteagal 12 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar fíneáil a ghearradh ar aon soláthróir breosla eitlíochta ar cruthaíodh gur thug an soláthróir sin faisnéis mhíthreorach nó mhíchruinn maidir le saintréithe nó bunadh an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe a sholáthair an soláthróir faoi Airteagail 9(2) agus 10. Beidh an fhíneáil sin comhréireach agus athchomhairleach agus beidh sí dhá oiread chomh hard, ar a laghad, ná an méid a bheidh ar iolrú na difríochta idir meánphraghas bliantúil an ghnáthbhreosla eitlíochta agus an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe in aghaidh an tona de réir chainníocht na mbreoslaí eitlíochta ar cuireadh an fhaisnéis mhíthreorach nó mhíchruinn ar fáil ina leith.
|
|
Airteagal 12 7.
|
Sa chinneadh lena bhforchuirtear na fíneálacha dá dtagraítear i míreanna 2, 4, 5 agus 6 den Airteagal seo, míneoidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun praghas breosla eitlíochta, breosla eitlíochta inbhuanaithe agus breosla eitlíochta sintéiseacha ar mhargadh breosla eitlíochta an Aontais a chinneadh. Beidh an mhodheolaíocht sin bunaithe ar chritéir infhíoraithe agus oibiachtúla, lena n-áirítear critéir ón tuarascáil theicniúil is déanaí atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 13;
|
|
Airteagal 12 8.
|
Maidir le haon soláthróir breosla eitlíochta a chnuasaigh easnamh ón oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis na sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe nó de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha i dtréimhse tuairiscithe áirithe, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh an soláthróir sin cainníocht den bhreosla sin is comhionann leis an easnamh sin don mhargadh sa tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin, sa bhreis ar a oibleagáid tréimhse tuairiscithe. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh feidhm ag na rialacha a leanas maidir le breoslaí eitlíochta sintéiseacha a bhaineann leis na tréimhsí ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2031 agus ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034:
(a)
aon soláthróir breosla eitlíochta a chnuasaigh easnamh ón oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis na meánsciartha de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha sa tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2031, soláthróidh an soláthróir sin don mhargadh roimh dheireadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034 cainníocht de bhreosla eitlíochta sintéiseach is comhionann leis an easnamh sin, sa bhreis ar oibleagáidí na tréimhse sin; agus
(b)
maidir le haon soláthróir breosla eitlíochta a chnuasaigh easnamh ón oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis na meánsciartha de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha inbhuanaithe ón tréimhse an 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034, soláthróidh an soláthróir sin cainníocht den bhreosla eitlíochta sintéiseach is comhionann leis an easnamh sin don mhargadh sa tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin, sa bhreis ar a oibleagáid tréimhse tuairiscithe.
Má chomhlíontar na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo, ní scaoilfear an soláthróir breosla eitlíochta ón oibleagáid na fíneálacha a leagtar síos i míreanna 4 agus 5 a íoc;
|
|
Airteagal 12 9.
|
Beidh an creat dlíthiúil agus riaracháin is gá curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta chun comhlíonadh na n-oibleagáidí agus bailiú na bhfíneálacha a áirithiú.
|
|
Airteagal 12 10.
|
Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go n-úsáidfear an t-ioncam a ghintear ó fhíneálacha, nó an choibhéis i luach airgeadais an ioncaim sin, chun tacú le tionscadail taighde agus nuálaíochta i réimse na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, táirgeadh na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe nó sásraí lena bhféadfar na difríochtaí praghais idir breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus gnáthbhreoslaí eitlíochta a dhúnadh. I gcás ina leithdháilfear an t-ioncam sin ar bhuiséad ginearálta Ballstáit, measfar go bhfuil an chéad fhomhír comhlíonta ag Ballstát, má chuireann sé beartais tacaíochta airgeadais chun feidhme chun tacú le tionscadail taighde agus nuálaíochta i réimse na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, táirgeadh na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe nó beartais lena dtacaítear le sásraí lena bhféadfar na difríochtaí praghais idir breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus gnáthbhreoslaí eitlíochta a dhúnadh, a bhfuil luach acu atá coibhéiseach nó níos airde ná an t-ioncam a ghintear ó fhíneálacha. Faoin 25 Meán Fómhair 2026, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, poibleoidh na Ballstáit tuarascáil maidir leis an úsáid a baineadh as na hioncaim chomhiomlánaithe arna nginiúint ó na fíneálacha, agus faisnéis maidir leis an leibhéal caiteachais arna leithdháileadh ar thionscadail taighde agus nuálaíochta i réimse na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, táirgeadh na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe nó beartais lena dtacaítear le sásraí lenar féidir na difríochtaí praghais idir breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus gnáthbhreoslaí eitlíochta a dhúnadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 31.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|