+Airteagal 1 An pointe rochtana aonair Eorpach
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
|
Airteagal 1 An pointe rochtana aonair Eorpach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Faoin 10 Iúil 2027, déanfaidh ESMA pointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) a bhunú agus a oibriú lena soláthraítear rochtain láraithe leictreonach ar an bhfaisnéis seo a leanas:
(a)
faisnéis arna cur ar fáil don phobal de bhun ghníomhartha reachtacha an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn nó de bhun aon ghníomhartha breise de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena bhforáiltear do rochtain láraithe leictreonach ar fhaisnéis faoi ESAP;
(b)
faisnéis a roghnaíonn aon eintiteas a rialaítear le dlí Ballstáit a dhéanamh inrochtana ar ESAP ar bhonn deonach, i gcomhréir le hAirteagal 3(1), agus dá dtagraítear i ngníomhartha reachtacha an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn nó in aon ghníomhartha breise de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena bhforáiltear do rochtain láraithe leictreonach ar fhaisnéis faoi ESAP.
|
|
Airteagal 1 2.
|
Ní dhéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo a chur faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin chun na críche í a dhéanamh inrochtana ar ESAP roimh dháta chur i bhfeidhm an cheanglais an fhaisnéis sin a thíolacadh dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtacha an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn nó in aon ghníomhartha breise de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena bhforáiltear do rochtain láraithe leictreonach ar fhaisnéis faoi ESAP.
|
|
Airteagal 1 3.
|
Féadfaidh comhlachtaí bailiúcháin ar comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais iad faisnéis stairiúil a chur ar fáil do ESAP ag tosú ó dháta chur i bhfeidhm an cheanglais an fhaisnéis a chur faoi bhráid ESAP dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtacha an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn nó in aon ghníomhartha breise de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena bhforáiltear do rochtain láraithe leictreonach ar fhaisnéis faoi ESAP.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2859
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|