|
+Airteagal 2 Sainmhínithe |
Airteagal 2 SainmhínitheAirteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘eintiteas’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach:
(a)
ar a bhfuil ceanglas an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), a chur faoi bhráid comhlacht bailiúcháin; nó
(b)
a chuireann faisnéis faoi bhráid comhlacht bailiúcháin ar bhonn deonach de bhun Airteagal 1(1), pointe (b), ionas go mbeidh an fhaisnéis sin inrochtana ar ESAP;
(2)
ciallaíonn ‘comhlacht bailiúcháin’ comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais nó comhlacht, gníomhaireacht nó clár náisiúnta a ainmnítear amhlaidh de bhun aon cheann de ghníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a), nó a ainmníonn Ballstát amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 3(2);
(3)
ciallaíonn ‘formáid ónar féidir sonraí a asbhaint’ aon fhormáid oscailte mar a shainmhínítear in Airteagal 2 pointe (14), de Threoir (AE) 2019/1024 a úsáidtear go forleathan nó a cheanglaítear a úsáid de réir an dlí, lenar féidir sonraí a asbhaint ag meaisín agus atá inléite ag duine;
(4)
ciallaíonn ‘formáid mheaisín-inléite’ formáid mheaisín-inléite mar a shainmhínítear in Airteagal 2 pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024;
(5)
ciallaíonn ‘ríomhshéala cáilithe’ ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(6)
ciallaíonn ‘comhéadan feidhmchláir’ nó ‘API’ tacar feidhmeanna, nósanna imeachta, sainmhínithe agus prótacal ó thaobh cumarsáid meaisín le meaisín agus malartú sonraí gan uaim;
(7)
ciallaíonn ‘meiteashonraí’ faisnéis struchtúrtha lena mbíonn sé níos éasca acmhainn faisnéise a aisghabháil, a úsáid nó a bhainistiú, lena n-áirítear trí thuairisc a thabhairt ar fhoinse na faisnéise sin, trína míniú nó trína haimsiú;
(8)
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;
(9)
ciallaíonn ‘faisnéis stairiúil’ an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), a cuireadh ar fáil don phobal tráth nach luaithe ná 5 bliana roimh dháta chur i bhfeidhm an cheanglais an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid ESAP;
(10)
ciallaíonn ‘Comhchoiste’ an coiste dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|