+Airteagal 9 Úsáid agus athúsáid na faisnéise atá inrochtana ar ESAP
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
|
Airteagal 9 Úsáid agus athúsáid na faisnéise atá inrochtana ar ESAP
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Ní bheidh aon dliteanas ar ESMA ná ar na comhlachtaí bailiúcháin maidir le rochtain ar an bhfaisnéis a chuireann eintitis faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin agus a dhéantar inrochtana ar ESAP nó maidir le húsáid nó athúsáid na faisnéise sin.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Úsáidfear agus athúsáidfear sonraí pearsanta atá inrochtana ar ESAP i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Aon sonraí pearsanta a athúsáidtear, ní choinneofar iad ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá agus in aon chás ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana, mura bhforáiltear a mhalairt i ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a), den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Áiritheoidh ESMA nach mbeidh úsáid agus athúsáid faisnéise atá inrochtana ar ESAP faoi réir aon choinníollacha mura gcomhlíonfar, leis na coinníollacha sin, na ceanglais seo a leanas;
(a)
tá siad oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach;
(b)
tá údar leo ar fhorais cuspóra ar mhaithe le leas an phobail;
(c)
i gcás inarb iomchuí, ag brath ar an gcineál faisnéise, comhfhreagraíonn siad do na coinníollacha a leagtar síos i gceadúnais chaighdeánacha oscailte de réir bhrí Airteagal 2, pointe (5), de Threoir (AE) 2019/1024, agus ceadaítear leo d’aon duine an fhaisnéis sin a úsáid, a mhodhnú agus a chomhroinnt gan srian agus chun aon chríche.
|
|
Airteagal 9 4.
|
Ní dhéanfaidh eintitis a thíolacann a bhfaisnéis lena foilsiú ar bhonn ceart sui generis dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE teorainn a chur le húsáid agus le hathúsáid na faisnéise a dhéantar inrochtana ar ESAP chun críoch rialála agus neamhthráchtála.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2859
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|