+Airteagal 13 Athbhreithniú
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.

Airteagal 13 Athbhreithniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.
Faoin 10 Eanáir 2029, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ESMA, agus na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 12 á gcur san áireamh, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme, feidhmiú agus éifeachtacht ESAP.
Airteagal 13 2.

Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas:

(a) 

na dúshláin theicniúla atá os comhair eintiteas agus na gcomhlachtaí bailiúcháin le linn chur chun feidhme ESAP;

(b) 

éifeachtacht an chórais bailithe agus tarchurtha faisnéise chun críocha ESAP;

(c) 

athléimneacht oibríochtúil ESAP in aghaidh rioscaí TFC agus iontaofacht na faisnéise a dhéantar inrochtana ar ESAP, lena n-áirítear trí ríomhshéalaí cáilithe;

(d) 

na costais arna dtabhú ag eintitis agus ag na comhlachtaí bailiúcháin, lena n-áirítear measúnú i dtaobh ar mhéadaigh na comhlachtaí bailiúcháin ar údaráis inniúla iad a dtáillí maoirseachta mar thoradh ar na costais a tabhaíodh de bharr ESAP;

(e) 

na costais arna dtabhú ag ESMA mar oibreoir ESAP agus scéim cistiúcháin ESAP;

(f) 

tionchar ESAP ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis eintiteas i réimse na seirbhísí airgeadais, na margaí caipitil agus na hinbhuanaitheachta;

(g) 

tionchar ESAP ar infheictheacht eintiteas d’infheisteoirí trasteorann, lena n-áirítear infheictheacht FBManna;

(h) 

tionchar ESAP ar shuíomh margaidh soláthraithe sonraí príobháideacha san Aontas;

(i) 

idir-inoibritheacht ESAP le hardáin dhomhanda chomhchosúla;

(j) 

cur chun feidhme agus feidhmiú ESAP i ndáil le tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 5(8).

Airteagal 13 3.
Agus an breisluach, na dúshláin theicniúla agus na costais a bhfuiltear ag dréim leo á gcur san áireamh, áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 anailís costais is tairbhe a bhaineann le faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ábhartha, ar faisnéis í nach bhfuil inrochtana go fóill ar ESAP tráth a tharraingítear suas an tuarascáil, a áireamh sa todhchaí faoi raon feidhme an Rialacháin seo, rud a mbeidh bearna sonraí mar thoradh air.

Áireofar sa tuarascáil freisin moltaí maidir le forbairt ESAP amach anseo.

Airteagal 13 4.
Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 14 lena leasaítear gníomhartha reachtacha an Aontais dá dtagraítear sa dara mhír den mhír seo chun a chur siar, go ceann 36 mhí ar a mhéad, go n-áireofaí faisnéis ar ESAP, ar faisnéis í nach gceanglaítear go fóill í a chur faoi bhráid ESAP ná nach gceadaítear go fóill í a chur faoi bhráid ESAP de bhun Airteagal 1(1), pointe (a), má chinneann an Coimisiún sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go bhfuil fianaise ann go bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha agus forleatacha ann maidir leis na gnéithe a liostaítear i mír 2, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo.

Is iad seo a leanas a bheidh i ngníomhartha reachtacha an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo:

— 
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (Airteagal 434b);
— 
Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 (Airteagal 13a);
— 
Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (Airteagal 23a);
— 
Rialachán (AE) 2015/760 (Airteagal 25a);
— 
Rialachán (AE) 2015/2365 (Airteagal 32a);
— 
Rialachán (AE) 2017/1131 (Airteagal 37a);
— 
Rialachán (AE) 2019/2033 (Airteagal 46a);
— 
Rialachán (AE) 2023/1114 (Airteagal 110a);
— 
Rialachán (AE) 2023/2631 (Airteagal 15a);
— 
Treoir 2002/87/CE (Airteagal 30b);
— 
Treoir 2004/25/CE (Airteagal 16a);
— 
Treoir 2006/43/CE (Airteagal 20a);
— 
Treoir 2007/36/CE (Airteagal 14c);
— 
Treoir 2009/138/CE (Airteagal 304b);
— 
Treoir 2011/61/AE (Airteagal 69b);
— 
Treoir 2013/36/AE (Airteagal 116a);
— 
Treoir 2014/59/AE (Airteagal 128a);
— 
Treoir 2014/65/AE (Airteagal 87a);
— 
Treoir (AE) 2016/97 (Airteagal 40a);
— 
Treoir (AE) 2016/2341 (Airteagal 63a);
— 
Treoir (AE) 2019/2034 (Airteagal 44a);
— 
Treoir (AE) 2019/2162 (Airteagal 29a).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2859
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.