|
+Airteagal 5 3. |
Airteagal 5 3.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh daoine nádúrtha a bhfuil na cionta coiriúla a thagann faoi Airteagail 3 agus 4 déanta acu a bheith faoi réir pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla gabhálacha, lena bhféadfaí an méid seo a leanas a áireamh:
(a)
oibleagáid chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i)
an comhshaol a athchóiriú laistigh de thréimhse áirithe, má tá an damáiste inchúlaithe, nó
(ii)
cúiteamh a íoc as an damáiste don chomhshaol, má tá an damáiste dochúlaithe nó mura bhfuil an ciontóir in ann an t-athchóiriú sin a dhéanamh;
(b)
fíneálacha atá comhréireach le tromchúis na hiompraíochta agus le himthosca aonair agus airgeadais agus le himthosca eile an duine nádúrtha lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, ar fíneálacha iad a chinntear agus aird chuí á tabhairt ar thromchúis agus fad an damáiste a rinneadh don chomhshaol agus ar na sochair airgeadais a gineadh ón gcion;
(c)
eisiamh ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais, lamháltais agus ceadúnais;
(d)
dícháiliú ó phost ceannaireachta den chineál a úsáidtear chun an cion a dhéanamh a bheith acu, laistigh de dhuine dlítheanach;
(e)
maidir le ceadanna agus údaruithe chun gníomhaíochtaí a shaothrú, na ceadanna agus na húdaruithe sin a tharraingt siar i gcás ina raibh an cion coiriúil ábhartha mar thoradh orthu;
(f)
cosc sealadach ar sheasamh i dtoghchán d’oifig phoiblí;
(g)
i gcás ina bhfuil leas an phobail ann, tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh, foilsiú an chinnidh bhreithiúnaigh ina iomláine, nó cuid de, ar cinneadh é a bhaineann leis an gcion coiriúil a rinneadh agus na pionóis nó na bearta a forchuireadh, a bhféadfadh sonraí pearsanta daoine ciontaithe a bheith ar áireamh ann i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo amháin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|