+Airteagal 5 Pionóis do dhaoine nádúrtha
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.

Airteagal 5 Pionóis do dhaoine nádúrtha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur i leith cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4.
Airteagal 5 2.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) 

go bhféadfar uastéarma príosúnachta 10 mbliana ar a laghad a fhorchur i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), pointí (a) go (d), agus pointí (f), (j), (k), (l) agus (r), más iad is cúis le bás aon duine;

(b) 

go bhféadfar uastéarma príosúnachta 8 mbliana ar a laghad a fhorchur i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(3);

(c) 

go bhféadfar uastéarma príosúnachta 5 bliana ar a laghad a fhorchur i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(4), i gcás ina dtagraíonn an mhír sin d’Airteagal 3(2), pointí (a) go (d), agus pointí (f), (j), (k) agus pointe (l), más iad is cúis le bás aon duine;

(d) 

go bhféadfar uastéarma príosúnachta 5 bliana ar a laghad a fhorchur i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), pointí (a) go (l), agus pointí (p), (s) agus (t);

(e) 

go bhféadfar uastéarma príosúnachta 3 bliana ar a laghad a fhorchur i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), pointí (m), (n), (o), (q) agus (r).

Airteagal 5 3.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh daoine nádúrtha a bhfuil na cionta coiriúla a thagann faoi Airteagail 3 agus 4 déanta acu a bheith faoi réir pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla gabhálacha, lena bhféadfaí an méid seo a leanas a áireamh:

(a) 

oibleagáid chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

an comhshaol a athchóiriú laistigh de thréimhse áirithe, má tá an damáiste inchúlaithe, nó

(ii) 

cúiteamh a íoc as an damáiste don chomhshaol, má tá an damáiste dochúlaithe nó mura bhfuil an ciontóir in ann an t-athchóiriú sin a dhéanamh;

(b) 

fíneálacha atá comhréireach le tromchúis na hiompraíochta agus le himthosca aonair agus airgeadais agus le himthosca eile an duine nádúrtha lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, ar fíneálacha iad a chinntear agus aird chuí á tabhairt ar thromchúis agus fad an damáiste a rinneadh don chomhshaol agus ar na sochair airgeadais a gineadh ón gcion;

(c) 

eisiamh ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais, lamháltais agus ceadúnais;

(d) 

dícháiliú ó phost ceannaireachta den chineál a úsáidtear chun an cion a dhéanamh a bheith acu, laistigh de dhuine dlítheanach;

(e) 

maidir le ceadanna agus údaruithe chun gníomhaíochtaí a shaothrú, na ceadanna agus na húdaruithe sin a tharraingt siar i gcás ina raibh an cion coiriúil ábhartha mar thoradh orthu;

(f) 

cosc sealadach ar sheasamh i dtoghchán d’oifig phoiblí;

(g) 

i gcás ina bhfuil leas an phobail ann, tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh, foilsiú an chinnidh bhreithiúnaigh ina iomláine, nó cuid de, ar cinneadh é a bhaineann leis an gcion coiriúil a rinneadh agus na pionóis nó na bearta a forchuireadh, a bhféadfadh sonraí pearsanta daoine ciontaithe a bheith ar áireamh ann i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo amháin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1203
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.