Airteagal 17
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh líon leordhóthanach ball foirne cáilithe agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha ag údaráis náisiúnta a dhéanann cionta coiriúla comhshaoil a bhrath, a imscrúdú, a ionchúiseamh nó breithniú a dhéanamh orthu chun a bhfeidhmeanna a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo a fheidhmiú go héifeachtach. Déanfaidh na Ballstáit, agus traidisiúin bhunreachtúla agus struchtúr a gcóras dlí á gcur san áireamh, mar aon le himthosca náisiúnta eile, measúnú ar an ngá atá le leibhéal speisialtóireachta na n-údarás sin i réimse an dlí choiriúil comhshaoil a mhéadú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.