+TREOIR (AE) 2024/1203 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Aibreán 2024 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Threoracha 2008/99/CE agus 2009/123/CE
---+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 3 Cionta coiriúla
------+Airteagal 3 1.
------+Airteagal 3 2.
------+Airteagal 3 3.
------+Airteagal 3 4.
------+Airteagal 3 5.
------+Airteagal 3 6.
------+Airteagal 3 7.
------+Airteagal 3 8.
---+Airteagal 4 Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 5 Pionóis do dhaoine nádúrtha
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
------+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 6 Dliteanas daoine dlítheanacha
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
------+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 7 Pionóis do dhaoine dlítheanacha
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 7 3.
------+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 8 Imthosca géaraitheacha
---+Airteagal 9 Imthosca maolaitheacha
---+Airteagal 10 Reo agus coigistiú
---+Airteagal 11 Tréimhsí teorann
------+Airteagal 11 1.
------+Airteagal 11 2.
------+Airteagal 11 3.
------+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 12 Dlínse
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
------+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 13 Uirlisí imscrúdaitheacha
---+Airteagal 14 Cosaint daoine a thuairiscíonn cionta coiriúla comhshaoil nó a chabhraíonn lena n-imscrúdú
---+Airteagal 15 Faisnéis a fhoilsiú chun leas an phobail agus rochtain ar cheartas don phobal lena mbaineann
---+Airteagal 16 Cosc
---+Airteagal 17 Acmhainní
---+Airteagal 18 Oiliúint
---+Airteagal 19 Comhordú agus comhar idir údaráis inniúla laistigh de Bhallstát
---+Airteagal 20 Comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún, agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais
---+Airteagal 21 Straitéis náisiúnta
------+Airteagal 21 1.
------+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 22 Sonraí staidrimh
------+Airteagal 22 1.
------+Airteagal 22 2.
------+Airteagal 22 3.
------+Airteagal 22 4.
------+Airteagal 22 5.
---+Airteagal 23 Cumhachtaí cur chun feidhme
------+Airteagal 23 1.
------+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 24 Nós imeachta coiste
------+Airteagal 24 1.
------+Airteagal 24 2.
------+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 25 Meastóireacht, tuairisciú agus athbhreithniú
------+Airteagal 25 1.
------+Airteagal 25 2.
------+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 26 Treoir a chur in ionad Threoir 2008/99/CE
---+Airteagal 27 Treoir a chur in ionad Threoir 2009/123/CE
---+Airteagal 28 Trasuí
------+Airteagal 28 1.
------+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 29 Teacht i bhfeidhm
---+Airteagal 30 Seolaithe
|
English -
European Union -
Environment -
TREOIR (AE) 2024/1203 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Aibreán 2024 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Threoracha 2008/99/CE agus 2009/123/CE
TREOIR (AE) 2024/1203 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Aibreán 2024
maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Threoracha 2008/99/CE agus 2009/123/CE
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Ábhar
|
Airteagal 1
Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú chun an comhshaol a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí, agus maidir le bearta chun an choireacht chomhshaoil a chosc agus a chomhrac agus chun dlí comhshaoil an Aontais a fhorfheidhmiú go héifeachtach.
|
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
|
|
|
Airteagal 3 Cionta coiriúla
|
|
|
Airteagal 4 Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh
|
|
|
Airteagal 5 Pionóis do dhaoine nádúrtha
|
|
|
Airteagal 6 Dliteanas daoine dlítheanacha
|
|
|
Airteagal 7 Pionóis do dhaoine dlítheanacha
|
|
|
Airteagal 8 Imthosca géaraitheacha
|
Airteagal 8
A mhéid nach bhfuil na himthosca seo a leanas mar chuid de na gnéithe a chomhdhéanann na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i ndáil leis na cionta coiriúla ábhartha dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4, go bhféadfar ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a mheas mar imthoisc ghéaraitheach:
(a)
rinneadh éiceachóras a scriosadh nó rinneadh damáiste substaintiúil dochúlaithe nó fadtéarmach dó de thoradh an chiona;
(b)
rinneadh an cion faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle (
23
);
(c)
bhain an ciontóir úsáid as doiciméid bhréagacha nó doiciméid bhrionnaithe agus an cion á dhéanamh aige nó aici;
(d)
rinne oifigeach poiblí an cion agus a chuid nó a cuid dualgas á gcomhlíonadh aige nó aici;
(e)
ciontaíodh an ciontóir roimhe sin le breithiúnas críochnaitheach ar chionta den chineál céanna leo siúd dá dtagraítear in Airteagal 3 nó 4.
(f)
gineadh sochair shuntasacha airgeadais nó measadh go nginfí sochair shuntasacha airgeadais, mar gheall ar an gcion, nó seachnaíodh leis costais shuntasacha, go díreach nó go hindíreach, a mhéid is féidir na sochair nó na speansais sin a chinneadh;
(g)
scrios an ciontóir fianaise, nó rinne sé nó sí imeaglú ar fhinnéithe nó ar ghearánaigh;
(h)
rinneadh an cion laistigh de limistéar a aicmítear mar limistéar faoi chosaint speisialta de bhun Airteagal 4(1) nó (2) de Threoir 2009/147/CE, nó laistigh de shuíomh atá ainmnithe mar limistéar caomhnaithe speisialta i gcomhréir le Airteagal 4(4) de Threoir 92/43/CEE nó laistigh de shuíomh a liostaítear mar cheantar a bhfuil tábhacht Chomhphobail leis i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir 92/43/CEE.
Ní bheidh feidhm ag an imthoisc ghéaraitheach dá dtagraítear i bpointe (a) den Airteagal seo maidir leis an gcion coiriúil a chumhdaítear le hAirteagal 3(3).
|
|
Airteagal 9 Imthosca maolaitheacha
|
Airteagal 9
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i ndáil leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4, go bhféadfar ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a mheas mar imthosca mhaolaitheach:
(a)
déanann an ciontóir an comhshaol a athchóiriú go dtí an bhail a bhí air roimhe sin, i gcás nach oibleagáid faoi Threoir 2004/35/CE é an t-athchóiriú sin, nó, sula gcuirtear tús le himscrúdú coiriúil, déanann sé bearta chun tionchar agus méid an damáiste a íoslaghdú nó déanann sé an damáiste a leigheas;
(b)
soláthraíonn an ciontóir faisnéis do na húdaráis riaracháin nó bhreithiúnacha nach mbeidís in ann a fháil ar shlí eile, lena gcuidítear leo an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i)
ciontóirí eile a shainaithint nó a thabhairt faoi réim an cheartais;
|
|
Airteagal 10 Reo agus coigistiú
|
Airteagal 10
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun go bhféadfar ionstraimeachtaí agus fáltais ó na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 a rianú, a shainaithint, a reo agus a choigistiú.
Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
24
) ina ceangal orthu na bearta dá dtagraítear sa chéad mhír i gcomhréir leis an Treoir sin.
|
|
Airteagal 11 Tréimhsí teorann
|
|
|
Airteagal 12 Dlínse
|
|
|
Airteagal 13 Uirlisí imscrúdaitheacha
|
Airteagal 13
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha comhréireacha ar fáil chun na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 a imscrúdú nó a ionchúiseamh. I gcás inarb iomchuí, áireofar sna huirlisí sin uirlisí imscrúdaitheacha speisialta, amhail na huirlisí sin a úsáidtear le linn coireacht eagraithe a chomhrac nó i gcásanna eile coireachta tromchúisí.
|
|
Airteagal 14 Cosaint daoine a thuairiscíonn cionta coiriúla comhshaoil nó a chabhraíonn lena n-imscrúdú
|
Airteagal 14
Cosaint daoine a thuairiscíonn cionta coiriúla comhshaoil nó a chabhraíonn lena n-imscrúdú
Gan dochar do Threoir (AE) 2019/1937, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag aon duine a thuairiscíonn cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 den Treoir seo, a sholáthraíonn fianaise nó a oibríonn i gcomhar leis na húdaráis inniúla ar bhealach eile, ar bhearta tacaíochta agus cúnaimh i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 15 Faisnéis a fhoilsiú chun leas an phobail agus rochtain ar cheartas don phobal lena mbaineann
|
Airteagal 15
Faisnéis a fhoilsiú chun leas an phobail agus rochtain ar cheartas don phobal lena mbaineann
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cearta iomchuí nós imeachta ag daoine a ndéanann na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 den Treoir seo difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh siad difear dóibh agus daoine a bhfuil leas leordhóthanach acu nó a chloíonn le dochar do cheart, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann ceanglais faoin dlí náisiúnta, in imeachtaí a bhaineann leis na cionta sin, i gcás inarb ann do na cearta nós imeachta sin don phobal lena mbaineann sa Bhallstát in imeachtaí a bhaineann le cionta coiriúla eile, mar shampla mar pháirtí sibhialta. Sna cásanna sin, áiritheoidh na Ballstáit freisin, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, go roinnfear an fhaisnéis maidir le dul chun cinn na n-imeachtaí leis an bpobal lena mbaineann, i gcás ina ndéantar sin in imeachtaí a bhaineann le cionta coiriúla eile.
|
|
Airteagal 16 Cosc
|
Airteagal 16
Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, amhail feachtais faisnéise agus múscailte feasachta lena ndíreofar ar gheallsealbhóirí ábhartha ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach, mar aon le cláir taighde agus oideachais, a bhfuil sé mar aidhm leo cionta coiriúla comhshaoil agus baol na coireachta comhshaoil a laghdú. I gcás inarb iomchuí, gníomhóidh na Ballstáit i gcomhar leis na geallsealbhóirí sin.
|
|
Airteagal 17 Acmhainní
|
Airteagal 17
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh líon leordhóthanach ball foirne cáilithe agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha ag údaráis náisiúnta a dhéanann cionta coiriúla comhshaoil a bhrath, a imscrúdú, a ionchúiseamh nó breithniú a dhéanamh orthu chun a bhfeidhmeanna a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo a fheidhmiú go héifeachtach. Déanfaidh na Ballstáit, agus traidisiúin bhunreachtúla agus struchtúr a gcóras dlí á gcur san áireamh, mar aon le himthosca náisiúnta eile, measúnú ar an ngá atá le leibhéal speisialtóireachta na n-údarás sin i réimse an dlí choiriúil comhshaoil a mhéadú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 18 Oiliúint
|
Airteagal 18
Gan dochar don neamhspleáchas breithiúnach agus d’éagsúlachtaí in eagrú na mbreithiúna ar fud an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear oiliúint rialta speisialaithe ar fáil do na breithiúna, na hionchúisitheoirí, na póilíní, don fhoireann bhreithiúnach agus d’fhoireann na n-údarás inniúil a bhfuil baint aici le himeachtaí coiriúla agus le himscrúduithe maidir le cuspóirí na Treorach seo agus is iomchuí d’fheidhmeanna na mbreithiúna, na n-ionchúisitheoirí, na bpóilíní, na foirne breithiúnaí agus fhoireann na n-údarás inniúil sin.
|
|
Airteagal 19 Comhordú agus comhar idir údaráis inniúla laistigh de Bhallstát
|
Airteagal 19
Comhordú agus comhar idir údaráis inniúla laistigh de Bhallstát
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun sásraí iomchuí a bhunú le haghaidh comhordú agus comhair ar an leibhéal straitéiseach agus ar an leibhéal oibríochtúil i measc a n-údarás inniúil uile a bhfuil baint acu le cionta coiriúla comhshaoil a chosc agus a chomhrac. Beidh na sásraí sin dírithe ar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)
tosaíochtaí comhchoiteanna agus tuiscint ar an ngaol idir forfheidhmiú coiriúil agus forfheidhmiú riaracháin a áirithiú;
(b)
malartú faisnéise chun críocha straitéiseacha agus oibríochtúla, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta is infheidhme;
(c)
comhairliúchán in imscrúduithe aonair, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta is infheidhme;
(d)
dea-chleachtais a mhalartú;
(e)
cúnamh a thabhairt do líonraí Eorpacha cleachtóirí a oibríonn ar ábhair a bhaineann le cionta coiriúla comhshaoil agus sáruithe gaolmhara a chomhrac.
Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis na sásraí dá dtagraítear sa chéad mhír: comhlachtaí comhordúcháin speisialaithe, meabhráin tuisceana idir údaráis inniúla, líonraí forfheidhmithe náisiúnta agus gníomhaíochtaí oiliúna comhpháirteacha.
|
|
Airteagal 20 Comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún, agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais
|
Airteagal 20
Comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún, agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais
I gcás ina meastar gur de chineál trasteorann iad cionta coiriúla comhshaoil, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann breithniú ar an bhfaisnéis a bhaineann leis na cionta sin a tharchur chuig comhlachtaí inniúla iomchuí.
Gan dochar do na rialacha maidir leis an gcomhar trasteorann agus cúnamh frithpháirteach dlí in ábhair choiriúla, oibreoidh na Ballstáit, Eurojust, Europol, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus an Coimisiún, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, i gcomhar le chéile sa chomhrac i gcoinne na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4. Chuige sin, soláthróidh Eurojust, i gcás inarb iomchuí, an cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a theastaíonn ó na húdaráis náisiúnta inniúla chun comhordú a n-imscrúduithe a éascú. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, cúnamh a thabhairt.
|
|
Airteagal 21 Straitéis náisiúnta
|
|
|
Airteagal 22 Sonraí staidrimh
|
|
|
Airteagal 23 Cumhachtaí cur chun feidhme
|
|
|
Airteagal 24 Nós imeachta coiste
|
|
|
Airteagal 25 Meastóireacht, tuairisciú agus athbhreithniú
|
|
|
Airteagal 26 Treoir a chur in ionad Threoir 2008/99/CE
|
Airteagal 26
Treoir a chur in ionad Threoir 2008/99/CE
Cuirtear an Treoir seo in ionad Threoir 2008/99/CE maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát sin maidir leis an dáta chun an Treoir sin a thrasuí sa dlí náisiúnta. Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí do Threoir 2008/99/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal na Treorach seo, leanfaidh siad de bheith faoi cheangal Threoir 2008/99/CE.
|
|
Airteagal 27 Treoir a chur in ionad Threoir 2009/123/CE
|
Airteagal 27
Treoir a chur in ionad Threoir 2009/123/CE
Cuirfear an Treoir seo in ionad Threoir 2009/123/CE maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát sin maidir leis an dáta chun an Treoir sin a thrasuí.
Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí do na forálacha sin de Threoir 2005/35/CE a cuireadh isteach le Treoir 2009/123/CE nó ar cuireadh Treoir 2009/123/CE ina n-ionad a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.
Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal na Treorach seo, leanfaidh siad de bheith faoi cheangal Threoir 2005/35/CE arna leasú le Treoir 2009/123/CE.
|
|
Airteagal 28 Trasuí
|
|
|
Airteagal 29 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 29
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 30 Seolaithe
|
Airteagal 30
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1203
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|