Airteagal 18
Gan dochar don neamhspleáchas breithiúnach agus d’éagsúlachtaí in eagrú na mbreithiúna ar fud an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear oiliúint rialta speisialaithe ar fáil do na breithiúna, na hionchúisitheoirí, na póilíní, don fhoireann bhreithiúnach agus d’fhoireann na n-údarás inniúil a bhfuil baint aici le himeachtaí coiriúla agus le himscrúduithe maidir le cuspóirí na Treorach seo agus is iomchuí d’fheidhmeanna na mbreithiúna, na n-ionchúisitheoirí, na bpóilíní, na foirne breithiúnaí agus fhoireann na n-údarás inniúil sin.