|
+Airteagal 20 Comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún, agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais |
Airteagal 20 Comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún, agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an AontaisAirteagal 20 Comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún, agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais I gcás ina meastar gur de chineál trasteorann iad cionta coiriúla comhshaoil, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann breithniú ar an bhfaisnéis a bhaineann leis na cionta sin a tharchur chuig comhlachtaí inniúla iomchuí. Gan dochar do na rialacha maidir leis an gcomhar trasteorann agus cúnamh frithpháirteach dlí in ábhair choiriúla, oibreoidh na Ballstáit, Eurojust, Europol, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus an Coimisiún, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, i gcomhar le chéile sa chomhrac i gcoinne na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4. Chuige sin, soláthróidh Eurojust, i gcás inarb iomchuí, an cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a theastaíonn ó na húdaráis náisiúnta inniúla chun comhordú a n-imscrúduithe a éascú. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, cúnamh a thabhairt. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|