+Airteagal 22 Sonraí staidrimh
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.

Airteagal 22 Sonraí staidrimh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 22 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh córas i bhfeidhm chun sonraí staidrimh anaithnidithe a thaifeadadh, a léiriú agus a sholáthar maidir leis na céimeanna tuairiscithe, imscrúdaithe agus breithiúnacha i ndáil leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht a mbeart chun cionta coiriúla comhshaoil a chomhrac.
Airteagal 22 2.

Áireofar sna sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, ar a laghad, sonraí atá ann cheana maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

líon na gcionta coiriúla arna gclárú agus arna mbreithniú ag na Ballstáit;

(b) 

líon na gcásanna cúirte arna gcaitheamh amach, lena n-áirítear ar fhorais dhul in éag na tréimhse teorann don chion coiriúil lena mbaineann;

(c) 

líon na ndaoine nádúrtha:

(i) 

a ionchúisítear,

(ii) 

a chiontaítear;

(d) 

líon na ndaoine dlítheanacha:

(i) 

a ionchúisítear,

(ii) 

a chiontaítear nó a ngearrtar fíneáil orthu;

(e) 

cineálacha agus leibhéil na bpionós arna bhforchur.

Airteagal 22 3.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar athbhreithniú comhdhlúite ar a staidrimh gach 3 bliana ar a laghad.
Airteagal 22 4.
Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil san fhormáid chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 23.
Airteagal 22 5.
Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil, gach 3 bliana ar a laghad, bunaithe ar na sonraí staidrimh arna dtarchur ag na Ballstáit. Foilseofar an tuarascáil den chéad uair 3 bliana tar éis an fhormáid chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 23 a bhunú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1203
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.