+Airteagal 7 Foirgnimh nua
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.

Airteagal 7 Foirgnimh nua

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.

Áiritheoidh na Ballstáit gur foirgnimh astaíochtaí nialasacha iad foirgnimh nua i gcomhréir le hAirteagal 11:

(a) 

ón 1 Eanáir 2028, foirgnimh nua atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí; agus

(b) 

ón 1 Eanáir 2030, gach foirgneamh nua;

Go dtí go gcuirfear na ceanglais faoin gcéad fhomhír i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil gach foirgneamh nua ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de ar a laghad agus go gcomhlíonann siad na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 5. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag comhlachtaí poiblí foirgneamh nua a áitiú nach bhfuil faoina n-úinéireacht, beidh sé mar sprioc acu foirgneamh astaíochtaí nialasacha a áitiú.

Airteagal 7 2.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar GWP ar feadh saolré a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn III agus a nochtadh i ndeimhniú feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh:

(a) 

ón 1 Eanáir 2028, i gcás gach foirgnimh nua a bhfuil achar urláir úsáideach is mó ná 1 000  m2 acu;

(b) 

ón 1 Eanáir 2030, i gcás gach foirgnimh nua.

Airteagal 7 3.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn III a leasú chun creat de chuid an Aontais a leagan amach maidir le ríomh náisiúnta GWP ar feadh saolré d’fhonn aeráidneodracht a bhaint amach. Glacfar an chéad ghníomh tarmligthe mar sin faoin 31 Nollaig 2025.
Airteagal 7 4.
Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh ar tíolacadh iarratais ar chead tógála nó iarratais choibhéiseacha, lena n-áirítear maidir le hathrú úsáide, ina leith cheana féin faoi na dátaí de bhun mhíreanna 1 agus 2.
Airteagal 7 5.
Faoin 1 Eanáir 2027, foilseoidh na Ballstáit treochlár ina sonrófar tabhairt isteach teorainnluachanna maidir le saolré charnach iomlán GWP ar feadh saolré na bhfoirgneamh nua go léir agus ina leagfar síos spriocanna d’fhoirgnimh nua ó 2030 ar aghaidh, ag féachaint do threocht anuas de réir a chéile, chomh maith le teorainnluachanna uasta, mionsonraithe do chriosanna éagsúla aeráide agus do thíopeolaíochtaí tógála agus cuirfidh siad an Coimisiún ar aon eolas faoi.

Beidh na teorainnluachanna uasta sin i gcomhréir le cuspóir an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach.

Eiseoidh an Coimisiún treoir, roinnfidh sé fianaise maidir le beartais náisiúnta atá ann cheana agus cuirfidh sé tacaíocht theicniúil ar fáil do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh.

Airteagal 7 6.
Tabharfaidh na Ballstáit aghaidh, maidir le foirgnimh nua, ar na saincheisteanna maidir le cáilíocht na timpeallachta laistigh is fearr is féidir, oiriúnú don athrú aeráide, sábháilteacht ó dhóiteán, rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas. Díreoidh na Ballstáit freisin ar aistrithe carbóin a bhaineann le stóráil carbóin i bhfoirgnimh nó ar fhoirgnimh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.