|
+Airteagal 9 8. |
Airteagal 9 8.Faoin 31 Márta 2025, déanfaidh an Coimisiún, chun tacú le cur chun feidhme na Treorach seo agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta, anailís a thíolacadh maidir leis na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
éifeachtacht, oiriúnacht an leibhéil, an méid iarbhír a úsáidtear agus cineálacha ionstraimí a úsáidtear maidir le cistí struchtúracha agus cláir réime an Aontais, lena n-áirítear cistiú ón mBanc Eorpach Infheistíochta, chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, go háirithe i dtithíocht;
(b)
éifeachtacht, oiriúnacht leibhéal agus cineálacha na n-ionstraimí agus cineálacha na mbeart a úsáidtear maidir le cistí ó institiúidí airgeadais phoiblí;
(c)
comhordú chistiú an Aontais agus cistithe náisiúnta agus cineálacha eile beart ar féidir leo gníomhú mar ghiaráil chun infheistíochtaí i bhfeidhmíocht fuinnimh foirgneamh a spreagadh, agus leordhóthanacht an chistithe sin chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach. Ar bhonn na hanailíse sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le héifeachtacht agus oiriúnacht na n-ionstraimí maoiniúcháin chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, go háirithe na cinn is neamhfheidhmiúla. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|